Toradh an ghnímh le feiceáil agus comharthaíocht Ghaeilge le cur in airde i Mórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste

D’fhógair an tAire Bonneagair Liz Kimmins Dé Luain go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil ag an mhol iompair úir

Jack Mac Íomhair 

Bua eile ag pobal na Gaeilge i mBéal Feirste agus é fógartha go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil ar an chomharthaíocht fhisiciúil agus na meaisíní ticéad i Mórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste. 

Dúirt an tAire Kimmins, ‘Is é an Mórstaisiún Lárnach an tsaoráid chomhtháite iompair is mó ar oileán na hÉireann. Is teanga bheo faoi bhláth í an Ghaeilge, atá in úsáid ag daoine achan lá ar fud an tuaiscirt. Is cuí go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil ag an stáisiún do thaistealaithe a bhfuil Gaeilge acu, agus don lear mór cuairteoirí a thagann chun na cathrach chomh maith. Is forbairt dhearfach é seo le tuilleadh feasachta agus tacaíochta a chur chun cinn don Ghaeilge.’

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.