Tá cuma ar an scéal go bhfuil Plaid Cymru an páirtí is mó sa Bhreatain Bheag

Domhnall Mac Concharraige

De réir poblabhreithe i ndeireadh na bliana 2024 is é Plaid Cymru an páirtí is mó sa Bhreatain Bheag, ach níl mórán sa difríocht idir Reform UK agus Páirtí an Lucht Oibre na Breataine Bige, agus tá an Páirtí Coimeádach sa cheathrú háit. 

Dúirt ceannaire Plaid Cymru in Westminster, Liz Saville Roberts, go gcaithfidh siad an bhagairt ó Reform UK agus a gceannaire, Nigel Farage, a thógáil go dáiríre agus go mbeadh sé ina thubáiste má bhuann Reform UK an chéad olltoghchán eile i mí na Bealtaine 2026.

Agus í ag labhairt ag comhdháil earraigh Plaid Cymru dúirt sí go gcaithfidh an páirtí réiteach a thairiscint do mhuintir na Breataine Bige mar tá Lucht Oibre na Breataine Bige ag teip orthu. Murar féidir leo é sin a dhéanamh, dár léi, tá rud éigin i bhfad níos measa i ndán don tír agus do mhuintir na Breataine Bige, is é sin Reform UK agus Farage.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.