Scaoil rialtas Donald Trump os cionn 2,000 doiciméad a bhain le feallmharú an Uachtaráin John F. Kennedy le déanaí, eachtra atá ag cothú neart teoiricí comhcheilge le trí scór blianta anuas. Cé nach n-athraíonn na doiciméid seo an bunscéal faoi fheallmharú Kennedy, tugtar léargas níos doimhne iontu ar ghníomhaireachtaí faisnéise SAM le linn an Chogaidh Fhuair agus, lena chois sin, tá tuilleadh sonraí faoi Lee Harvey Oswald, an fear a deirtear a d’fheallmharaigh Kennedy.
Dearbhaíonn na comhaid nuascaoilte gur thug Oswald cuairt ar ambasáidí an Aontais Shóivéadaigh agus Chúba i gCathair Mheicsiceo sular fheallmharaigh sé Kennedy. Bhí fianaise ann sa réimse poiblí faoi na cuairteanna seo cheana, ach tugann na comhaid nua tuilleadh cinnteachta faoin idirbheartaíocht idir Oswald agus na hambasáidí úd.
Tá tuairiscí faisnéise ann a thugann sonraí faoin am a chaith Oswald san Aontas Sóivéadach sna comhaid nua chomh maith. Bhog Oswald chun an Aontais Shóivéadaigh in 1959, áit ar thug sé droim láimhe dá shaoránacht Mheiriceánach, sular fhill sé ar na Stáit Aontaithe in 1962. Tá tagairt i ndoiciméad amháin do ghníomhaire de chuid an KGB darb ainm Nikonov, a rinne athbhreithniú ar chomhaid slándála lena fhiosrú an raibh Oswald ina ghníomhaire leis an eagraíocht. Ba é tuairim Nikonov nár earcaíodh Oswald isteach sa KGB le linn a ama sa Aontas Sóivéadach.