Breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar na mná feasa agus a ról i sochaí na hÉireann
Bhí mná ann i gcónaí a raibh eolas acu ar ábhair ar nós leighis, beannachtaí, mallachtaí agus tairngreachta. Tugtar mná feasa orthu, ach bhí ainmneacha eile acu. In A Handbook of Irish Folklore le Seán Ó Súilleabháin luaitear bandraoi, bean feasa, bean allthach (bean allta i litriú an lae inniu is dócha, is é sin “fiáin”, nó bean Ultach, dar leis an údar!), cailleach agus caoirseanóir (caorsheanóir i litriú an lae inniu). Lean cáil na mban seo trí na glúine, daoine ar nós Biddy Early sa naoú haois déag i gContae an Chláir agus Nan Conneely san fhichiú haois ar an gCladach, Co. na Gaillimhe.

Foinse na mban feasa
Leis an saghas eolais a bhí acu shílfeá gur de shliocht na mbandraoithe a tháinig siad. San Fhiannaíocht deirtear gur thóg beirt bhan Fionn mac Cumhaill, bandraoi duine acu agus bean feasa an duine eile, ag léiriú go raibh difear idir an dá ghairm. Céard é an difear? Ní bheidh a fhios againn mar cailleadh go leor eolais faoi na bandraoithe de bharr leathnú na Críostaíochta in Éirinn, ach tá go leor eolais againn fós faoi chleachtais na mban feasa.
Mná feasa i dtíortha eile
Ní in Éirinn amháin a bhfuil mná feasa. Tá siad ar fáil timpeall an domhain, i measc na nApáitseach thiar i Meiriceá, mar shampla, nó i measc na Sámach sa Laplainn. Is léiriú é seo gur tréith uilíoch é i nach mór gach cultúr ar domhan go bhfuil meas ar mhná a bhfuil eolas faoi leith acu. Spéisiúil go leor, tá go leor eolais bailithe faoi chleachtais na mban feasa i gCorn na Breataine, áit a nglaoitear pellar orthu i gCoirnis. Tá an t-eolas seo againn de bharr obair a rinne an Iarsmalann Draíochta in Kastel Boterel (áit a ghalldaítear mar Boscastle) sa Chorn. De bharr go raibh creideamh na gCeilteach an-chosúil timpeall na hEorpa, is féidir go bhfuil eolas atá caillte ag na Gaeil ar fáil anseo.
Biddy Early
An bhean feasa is cáiliúla i stair na hÉireann is ea í Biddy Early. Rugadh Biddy in 1798 ar an bhFaiche, gar do Chill an Aonaigh i gContae an Chláir. Ceann de na huirlisí a bhí ag Biddy Early chun a draíocht a chur i bhfeidhm ba ea buidéal dorcha. De réir na scéalta fuair Biddy an buidéal óna fear céile a bhí marbh. Dúirt sé léi go bhféadfadh sí fios na todhchaí a aimsiú nuair a bhreathnaíodh sí isteach sa bhuidéal. Thug sé treoir di gan airgead a ghlacadh ó na daoine agus í ag déanamh tairngreachta dóibh.
Tháinig bean chuig Biddy uair amháin chun leigheas a fháil dá fear céile Gasty. Bhí aithne ag Biddy ar an mbean cé nár bhuail siad le chéile riamh. Dúirt Biddy léi go bhfuair a fear céile bás agus í ar an mbealach chuici. Ach dúirt Biddy nach bhfuair sé bás dáiríre, ach go raibh sé sciobtha ag na sióga. Dúirt Biddy go raibh bealach ann chun é a fháil ar ais ó na daoine maithe. Dúirt sí léi tórramh a eagrú agus ceithre scian coise duibhe a chur sa chónra, agus ansin, lá na sochraide, a iarraidh ar na fir an chónra a iompar go dtí an crosbhealach agus í a oscailt ansin. Dúirt Biddy go mbeadh scuab an teallaigh sa chónra ansin, agus a fear Gasty ag fanacht léi sa bhaile, dá leanfadh sí a treoracha go beacht. Ach, a dúirt Biddy, níor cheart lámh a leagan ar an gcónra ar chor ar bith. Iompraíodh an chónra go dtí an crosbhealach. D’éirigh an chónra níos troime agus shleamhnaigh sí síos. Faraor leag an bhean a lámh ar an gcónra. Nuair a osclaíodh ansin í is é corp a fir céile a bhí inti. Ar ais sa bhaile bhí scuab an teallaigh istigh ina leaba!
Mná feasa an lae inniu
An bhfuil mná feasa ann sa lá atá inniu ann? Má tá eolas agat fúthu scríobh isteach chugainn, beidh an-spéis againn cloisteáil fúthu.
Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.