Taispeántas an Eolaí Óig faoi lanseol

Cóilín Duffy

In ainneoin na gcoinníollacha aimsire ar fud na tíre, tá Taispeántas BT an Eolaí Óig faoi lánseol arís i gCumann Ríoga Bhaile Átha Cliath, agus tá breis is 1000 dalta ó 225 scoil ag glacadh páirte sa 61ú bliain den imeacht.

Agus An Páipear ag dul chun na clólainne ní raibh ach tionscadal amháin as 550 a bhí ar taispeáint nach raibh in ann freastal air mar gheall ar na coinníollacha oighreata a chuaigh i bhfeidhm ar Éirinn an tseachtain seo.

Thug lucht eagraithe na dtaispeántas deis do na mic léinn a dtionscadail a chur i bhfearas go dtí lá níos déanaí ná mar is gnách, chun cuidiú leis an oiread agus ab fhéidir freastal ar an imeacht, agus ullmhaíodh forálacha freisin le go bhféadfaí léirithe fíorúla a cheadú dá mba ghá.

I mbliana tá 25 tionscadal ó 14 scoil éagsúla trí Gaeilge.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!