‘Crann na Saoirse’: Réabhlóid Háítí 1791-1804 agus an Ginearál Toussaint Louverture

Tá sé corradh agus 220 bliain ó bhain Háítí a neamhspleáchas amach, ach rinne na cumhachtaí coilíneachta a ndícheall an fhís a chuir faoi chois.

An Dr. Kerron Ó Luain

Cuireadh tús le Réabhlóid Háítí sa bhliain 1791 agus chríochnaigh sí in 1804 le neamhspleáchas Háítí ón Fhrainc. Ní hamháin gur chuir sí deireadh leis an sclábhaíocht ach ruaig sí smacht coilíneach na Fraince freisin. Ba é Háítí an chéad phoblacht dhubh ar domhan agus an dara tír a bhain neamhspleáchas amach i gCríocha Mheiriceá tar éis na Stát Aontaithe. Spreag idéil Réabhlóid na Fraince, lena n-áirítear cearta an duine, saoránacht uilíoch, agus féinrialú, Réabhlóid Háítí.

San 18ú haois, ba í Saint-Domingue (an t-ainm a bhí ar an tír ag an am) an choilíneacht ba shaibhre i seilbh na Fraince. Dhéantaí siúcra, caife, indeagó, agus cadás a tháirgeadh trí shaothar sclábhaithe. Ghin an choilíneacht saibhreas níos mó ná saibhreas trí choilíneacht déag Mheiriceá Thuaidh a bhí faoi smacht na Ríochta Aontaithe. 

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!