Cén fáth ar thit an Comhaontas Glas chomh domhain sin?

Eoin Ó Murchú

Má tá díomá ar pháirtí ar bith i ndiaidh an toghcháin, is é an Comhaontas Glas atá ag caoineadh, ó thit an páirtí ó dheich suíochán dála go dtí ceann amháin, agus ba ar éigin a fuair sin an ceann sin fiú.

Níor chuir sé aon íonadh orm gur fhulaing siad tubaist den chineál sin, ach tá sé tábhachtach go dtuigfimid cén fáth, agus, go háirithe, céard iad na ceachtanna atá le foghlaim acu má tá athfhás le bheith in ndán dóibh.

Is mian le hiriseoirí mínithe seafóideacha a chur ar ráil: íocann mionpháirtí praghas i gcónaí; ní thuigeann daoine an méid a bhain siad amach den sprioc a bhí acu; is mar sin de. 

Iriseoireacht leisciúil atá sa gcaint seo, más iriseoireacht ar chor ar bith é.

Don aos cumarsáide is é míniú na bpáirtithe ná an ról is dual dóibh dar leis an aos cumarsáide. Níl aon tuiscint acu cén fáth a dtugann duine vóta do pháirtí, mar, den chuid is mó, ní thuigeann an t-aos cumarsáide an pholaitíocht ar an gcéad dul síos.

Bhí dhá chineál duine ann a thug vóta, ceapaim, don Chomhaontas Glas: daoine a fheiceann baol an athraithe aeráide don domhan ar fad agus an riachtanas rud éigin a dhéanamh faoi; agus daoine a fheiceann an baol ach a dteastaíonn saol cothrom don uile dhuine uatha freisin.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!