Toghchán 1923 an tSaorstáit

An Dr. Kerron Ó Luain

Agus muid in aimsir thoghcháin sna sé chontae fichead tugtar spléachadh ar an gcéad toghchán i stair an tSaorstáit a tharla os cionn 100 bliain ó shin.

Tharla toghchán mhí Lúnasa 1923 faoi scamall an Chogaidh Chathartha a mhair ó Mheitheamh 1922 go dtí an 30 Aibreán 1923. Ritheadh bille sa tríú Dáil a thug cead don rialtas, a bhí ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh, poblachtaigh i ngéibheann a chur chun báis. Ghlaoigh lucht an tSaorstáit “an Bille Chun Cosanta na Puiblíochta (Comhachta Ocáideacha), 1923” ar an mbille seo. Bhaist poblachtaigh an ‘Bille Dúnmharfach’ air. 

Chuir an Saorstát, faoi bhagairt Impireacht na Breataine, 81 poblachtach chun báis chun Gluaiseacht na Poblachta a chuir faoi chois. Faoi fhómhar na bliana 1923, bhí 12,000 fear agus bean, poblachtaigh den chuid is mó, sa phríosún faoi théarmaí an bhille. 

Michael Barry, Iarrthóir Poblachtach Ceatharlach & Cill Chainnigh
Grianghraf: J. Kissane / Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Bhí leanúnachas ann i dtaobh cúrsaí riaracháin idir an stát faoi réimeas na Breataine agus an Saorstát a tháinig ar an bhfód in 1922. Mar a scríobhann an staraí Alvin Jackson, ‘coinníodh formhór mór na státseirbhíseach: d’aistrigh corradh is 98 faoin gcéad den seanlucht riaracháin Briotanach go seirbhís Shaorstát Éireann’ (‘the overwhelming majority of civil servants were retained: more than 98 per cent of the old British administration in Ireland transferred to the service of the Irish Free State’).

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!