Ceist na Gaeilge i bhforógraí na bpáirtithe polaitiúla

Béim nach beag ar Údarás na Gaeltachta agus ceist na tithíochta sa Ghaeltacht le brath i bhforógraí fhormhór na bpáirtithe

Kerron Ó Luain

Is léir ó fhorógraí na bpáirtithe go bhfuil ceist na tithíochta agus an ghéarchéim thithíochta sa Ghaeltacht – murab ionann agus géarchéim theangeolaíochta – tar éis tionchar a imirt agus a lucht ceaptha polasaí ag cur peann le pár. 

Deir Fianna Fáil go leagfar níos mó béime ar infheistíocht tuaithe, i gcórais iompair tuaithe, i bhforbairt na turasóireachta faoin tuath agus sna hoileáin. Maíonn an páirtí go gcuirfear toghcháin dhíreacha go bord Údarás na Gaeltachta ar bun agus go mbeidh lámh lárnach ag an Údarás i soláthar tithíochta don Ghaeltacht. 

Maíonn Fine Gael an rud céanna nach mór, go n-oibreoidh an rialtas leis an Údarás, na húdaráis áitiúla, an Roinn Tithíochta agus comhlachtaí ceadaithe tithíochta chun an soláthar tithíochta a fheabhsú.

Níl cuma rófhorbartha ar fhorógra an Chomhaontais Ghlais mar a mbaineann sé leis an nGaeilge, ach tá moladh ann go bhfoilseofaí ‘straitéis chomhtháite Ghaeltachta a ailíneoidh le chéile ranna rialtais agus forais stáit’. Le blianta fada, tá gníomhaithe agus saineolaithe teanga ag gearán faoin easpa comhordaithe idir na ranna rialtas ar cheist na Gaeltachta, agus na Gaeilge.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!