
Eoin Ó Murchú Ní fada anois go mbeidh Donald Trump ina shuí in oifig Uachtarán Mheiriceá, agus ar na ceisteanna móra atá á gcur ag an domhan ar fad tá cogadh na hÚcráine. An gcuirfidh Trump críoch leis sin, nó an mbeidh sé ar a chumas críoch a chur leis? Ní féidir riamh a bheith…

Eoin Ó Murchú I measc na maruithe agus an scriosta ar fad atá á ndéanamh ag Iosrael i gcogadh Ghaza, tuairiscítear go rialta gurb iad iriseoirí, chomh maith le hospidéil, na spriocanna, le breis agus 190 iriseoir Palaistíneach, ag caitheamh comharthaí preasa marcáilte go soiléir, i measc na marbh ó Dheireadh Fómhair 2023. Dúirt údaráis…

Eoin Ó Murchú In ainneoin thorthaí an toghcháin tá fadhb na tithíochta fós beo, agus sa gcomhthéacs sin tá sonraí foilsithe maidir le scéim an rialtais le cosaint a thabhairt do thionóntaí in situ, is é sin tionóntaí atá ina gcónaí i dteach nó in árasán nuair a chinneann tiarna talún díol. Faoin scéim a…
Eoin Ó Murchú Den chéad uair tá bean tofa mar cheann comhairle, ceann de na hoifigí stáit is suntasaí i mBunreacht na hÉireann. Ach níos tábhachtaí ná sin dearbhaítear go bhfuil margadh le déanamh idir Fianna Fáil, Fine Gael agus an Grúpa Réigiúnach Neamhspleách le rialtas a chur ar bun. Díbríodh Verona Murphy as Fine…
Eoin Ó Murchú Drochscéal amach is amach is ea an nuacht gur dócha nach mbeidh calafort Chaergybi (a ghalldaítear mar Holyhead) ag oscailt go dtí i ndiaidh na Nollag. Téann 60% den lastas idir Éire agus Sasana tríd an gcalafort sin, agus tá caillteanais mhóra ann de bharr a dhúnta. Rinne stoirm Darragh dochar criticiúil…

Eoin Ó Murchú Ar nós Dracula, a d’éirigh gach oíche le dul sa tóir ar fhuil na mbeo, tá conradh trádála Mercosur tagtha chun solais arís, agus aontú idir an tAontas Eorpach agus tíortha Mercosur – an Airgintín, an Bhrasaíl, Uaraga, Paragua, an Bholaiv agus Veiniséala (atá ar fionraí ón mbloc faoi láthair). Bloc trádála…

Eoin Ó Murchú Tá Natasha O’Brien, an bhean óg ar ionsaigh go dona an t-iarshaighdiúir (anois, mar bhí sé ina shaighdiúir ar seirbhís ag an am) Cathal Crotty i Luimneach í in 2022, le ceangal nár cuireadh ar an eolas go hoifigiúil í go bhfuil achomharc le clos faoin gcás dlí ar an 23 Eanair…

Eoin Ó Murchú Tugadh cás Ard-Chúirte ag lorg damáistí, lena n-áirítear damáistí géaraithe agus eiseamláireacha, mar gheall ar “theip chórasach” líomhnaithe an stáit cóiríocht shlán a chur ar fáil do leanaí leochaileacha. An Árd-Chúirt i mBaile Átha CliathGrianghraf: Kieran Lynam/Flickr Thug an Breitheamh David Barniville, Uachtarán na hArd-Chúirte, treoracha maidir le héisteacht luath ar an…

Eoin Ó Murchú Má tá díomá ar pháirtí ar bith i ndiaidh an toghcháin, is é an Comhaontas Glas atá ag caoineadh, ó thit an páirtí ó dheich suíochán dála go dtí ceann amháin, agus ba ar éigin a fuair sin an ceann sin fiú. Níor chuir sé aon íonadh orm gur fhulaing siad tubaist…
Tá an comhaireamh thart, agus anois tá na polaiteoirí ag díriú a n-aird ar cén chaoi a gcuirfidh siad rialtas le chéile. Ach nach sampla de mhífheidhmiúlacht an stáit é gur ar éigin atá aon chaint ann faoi dhifríochtaí idé-eolaíochta a bheidh le réiteach. Seachas sin, is ar roinnt na n-oifigí atá an chaint. Jabanna…