
Eoin Ó Murchú Tá na meáin lán le scéalta faoi bhagairt Rúiseach ar an tír seo, agus dróin a fuarthas in aice le bealach eitilte Volodomyr Zelenskyy nuair a thug sé cuairt ar Bhaile Átha Cliath. Deir an tAire Dlí agus Cirt, Jim O’Callaghan, go lom nach díograiseoir i gcúl gairdín a sheol na dróin…
Bhí mé amuigh ag an Aonach Nollag Gifted i gCumann Ríoga Bhaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine. Ba é sin an chéad uair domsa freastal ann. Caithfidh mé a rá gur bhain mé an-sult as. Is iontach an méid ábhair a bhí ann. Bhí earraí ar nós éadaí, seodra, cluichí, leabhair, earraí garraíodóireachta, milseáin…
Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie Dé hAoine an 12 Nollaig An Cinema Gaelach, An Garbhán4 go 5 pmLeabharlann Ghaoth DobhairBeochan clasaiceach den leabhar cháiliúil do leanaí. Tá an scannán seo á thaispeáint mar chuid de An Cinema…

Bhí ceiliúradh ar siúl san ionad pobail i nDroim an Fhia i gCeatharloch maidin Dé Domhnaigh, an seachtú lá de mhí na Nollag. Bailíodh muintir na háite le chéile ar an lá chun gaiscí an choiste Gaeilge a cheiliúradh. Maidin spraíúil agus speisialta a bhí ann agus bhí téama na Nollag lárnach san ócáid, le…

Tá comhpháirtíocht cheannródaíoch nua fógartha idir an Tionscadal Coillearnaí Gaelaí agus Conradh na Gaeilge, agus an eagraíocht chomhshaoil tar éis éirí go hoifigiúil ina craobh den eagraíocht teanga den chéad uair riamh. Is é seo an chéad charthanas comhshaoil sa tír a tháinig faoin gConradh, agus táthar á mheas mar chéim mhór i dtreo nasc…
Bronnadh Cónaitheacht Heinrich Böll d’Ealaíontóirí Gaeltachta ar an fhile Laoighseach Ní Choistealbha agus ar an cheoltóir, fonnadóir agus damhsóir Séamus Ó Flatharta an tseachtain seo. Seo cónaitheacht a bronnadh den chéad uair, i mbliana. Tá an chónaitheacht á cur ar fáil mar gheall ar chomhpháirtíocht nua idir Ealaín na Gaeltachta agus Cumann Heinrich Böll, agus…
Tá lúcháir ar an Chiste Craoltóireachta Gaeilge (CCG), de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann, na cinntí maoinithe is deireanaí atá déanta aige don bhliain 2025 a fhógairt. Bronnadh maoiniú ar raon leathan d’ábhar agus fuair 15 thionscadal san iomlán maoiniú. Is iad na haidhmeanna atá ag an CCG léiriú agus craoladh ábhair ardchaighdeánaigh i nGaeilge a…
Dara Ó Baoill Deir Moscó arís agus arís eile gur ceist ama amháin é bua na Rúise san Úcráin. Tá an gheilleagar láidir, tá an t-arm ag brú chun tosaigh, tá an tIarthar tuirseach. Deir an Institiúid um Staidéar ar an gCogadh (ISC), sna Stáit Aontaithe, nach anailís neodrach é seo, ach brú síceolaíoch a…

Bronnadh sparánachtaí COGG ar dhá mhac léinn déag atá ag dul don Mháistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht), Conair lán-Ghaeilge, in Institiúid Oideachais Marino. Maoinithe ag COGG (an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) i gcomhpháirtíocht le hInstitiúid Oideachais Marino, bronnadh €2,000 sa bhliain ar gach mac léinn ar an gclár (€4,000 san iomlán). Is clár…

Breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar an suíomh ríoga is lú eolas atá againn air, sin é Dún Ailinne, suíomh ríoga Laighean Táimid tar éis breathnú ar na suíomhanna ríoga i gCúige Uladh agus Cúige Mumhan. Anois breathnóimid ar Chúige Laighean. Is é an t-ainm atá ar an suíomh ríoga ansin ná Dún Ailinne. Tá Dún…