Cathal Ó Murchú Chuir an rialtas vóta muiníne faoi bhráid na Dála Dé Céadaoin maidir le ceannaire Fhine Gael agus an Tánaiste Simon Harris chun teacht roimh an vóta mímhuiníne de chuid Aontú an tseachtain seo chugainn. Bhuaigh an rialtas an vóta seo le 94 ar son agus 65 in aghaidh. Baineann an vóta seo…
Eoin Ó Murchú Tá cinneadh Choiste Dhuais Nobel san Iorua cáinte go láidir ag rialtas Veiniséala as duais síochána na bliana seo a thabhairt do cheannaire an fhreasúra i Veiniséala, María Corina Machada. Dúirt Coiste Nobel go raibh an duais ag dul di mar gheall ar a cuid iarrachtaí an daonlathas a chur chun cinn…
Domhnall Mac Concharraige Fograíodh le déanaí go mbainfear níos mó úsáid as orduithe ceannaigh éigeantacha ag na húdaráis áitiúla mar gheall ar an athbhreithniú ar an bplean tithíochta. Meastar i gcásanna nach bhfuil úinéirí tithe folmha sásta a bheith comhoibríoch leis na húdaráis go mbainfidh siad úsáid as an gcumhacht chun seilbh a ghlacadh ar…
Eoin Ó Murchú Léiríonn an phobalbhreith a foilsíodh in Sunday Business Post go bhfuil gach uile sheans ag an iarrthóir neamhspleách den eite chlé, Catherine Connolly, toghchán na huachtaránachta a bhuachan. Dar leis an suirbhé seo tá tacaíocht 36% ag Connolly, 25% ag iarrthóir Fhine Gael, Heather Humphries, agus 12% ag Jim Gavin, figiúr dochreidte…
Jenna Goulding Is tarraingt mhór do thurasóirí é dealbh Mhoil Ní Mhaoileoin. Coimisiúnaíodh an dealbh in 1988 do cheiliúradh mílaoise Bhaile Átha Cliath. Nochtadh an dealbh athchóirithe don phobal níos luaithe an tseachtain seo. Bhí cláir curtha timpeall uirthi ar feadh cúpla lá le haghaidh oibreacha. Tháinig drochdhath ar chliabhrach na deilbhe cáiliúla tar éis…
Bhí an Páirtí Aontachtach Daonlathach (PAD) ag lorg athbhreithniú ar pholasaí de chuid Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste Jack Mac Íomhair I ndiaidh gur aontaigh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste polasaí dátheangach an tseachtain seo caite, tá an Páirtí Da fós ag iarraidh ionsaí a dhéanamh ar an teanga. Chuir an Páirtí Aontachtach Daonlathach rún os comhair…
Dúirt teachta dála Shinn Féin do Phort Láirge, Conor D McGuinness, go bhfuil Fine Gael agus Fianna Fáil ag tréigean daoine faoi mhíchumas, agus gur céim chruálach siar atá i mBuiséad 2026. Dúirt an Teachta McGuinness go léiríonn diúltú an rialtais íocaíocht bhuan ar chostas an mhíchumais a thabhairt isteach easpa iomlán measa ar dhaoine…
Grúpa oibre teicniúil nua bunaithe faoin bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge Tharla céim shuntasach eile i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach Dé Céadaoin seo caite, le hoscailt oifigiúil an chéad chruinnithe den Ghrúpa Oibre Teicniúil faoin bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge. Rinne an tAire Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, an oscailt…
Inniu, táim ag impí go humhal oraibh bhur muinín a chur ionam le go mbeinn mar an deichiú hUachtarán ar Éirinn. Is mian liom mo shaolré agus taithí atá bainte amach agam a thabhairt liom isteach i seirbhís na huachtaránachta. D’oibrigh mé ar feadh blianta fada mar bhainisteoir i gcumman creidmheasa, áit a raibh deis…
Eoin Ó Murchú Tá an conradh deireanach um rialú arm núicléach ar tí dul in éag ag tús mhí Feabhra an bhliain seo chugainn ,ach is mó an chaint faoi chaiteachas ar airm a mhéadú ná ar iarrachtaí baol cogaidh núicléigh a sheachaint. Is in 2010 a shínigh Uachtarán Mheiriceá Barack Obama agus Uachtarán na…