
Ceiliúradh fiche bliain ar an bhfód don Chiste Craoltóireachta Gaeilge i mbliana Cóilín Duffy Bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2025 oíche Dé Ceadaoin ar an gCiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann, atá ag ceiliúradh fiche bliain de chraoladh, léiriú agus forbairt chruthaitheach i mbliana. Bronntar an gradam mór le rá seo ar dhuine…

Cóilín Duffy Nochtadh grianghraf speisialta ag Raidió Fáilte i mBéal Feirste Dé Céadaoin in ómós don cheannródaí Gaeilge, Gearóid Ó Cairealláin, a d’éag i mí na Nollag 2024. Níor imir duine ar bith tionchar níos mó ar shaol na Gaeilge i mBéal Feirste ná Gearóid, duine a raibh a shaothar le brath ó bhunú Chultúrlann…

Cóilín Duffy Ba ónoír mhór é d’fhoireann Dhaingean Uí Chúis a chuir deireadh leis an bhfásach 77 bliain, agus Paul Geaney a d’ardaigh an corn ag deireadh na himeartha. Tháinig sé faoi dheireadh, an lá a raibh pobal iomlán ag fanacht leis ó aimsir Tom Long in 1948, nuair a d’ardaigh Daingean Uí Chúis Corn…

Cóilín Duffy Tá súil ag Naomh Abán le caibidil eile a scríobh ina scéal rathúil i bpeil na mban Dé Domhnaigh seo, agus iad ag tabhairt faoi Chluain Mhic Cuinn/Maigh Mheáin ó Chiarraí i gcluiche ceannais idirmheánach Chúige Mumhan i bPáirc Mhala, ag tosú ag 1 tráthnóna. Tá taithí acu ar an láthair agus an…
Cóilín DuffyAgus cloganna na hEorpa le dul siar uair an chloig an deireadh seachtaine seo, tá an plé ar an athrú séasúrach ama tar éis filleadh ar chlár oibre Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg. Ghlac feisirí Eorpacha páirt Déardaoin i ndíospóireacht faoin togra chun deireadh a chur leis an gcleachtas dhá uair sa bhliain a…

Sadhbh Devlin ag briseadh bacanna le ‘An Fia sa Choill’ Cóilín Duffy Tá stair déanta ag an nGaeilge ag Gradaim Leabhar na Bliana An Post, agus leabhar Gaeilge do pháistí, An Fia sa Choill le Sadhbh Devlin, ainmnithe ar ghearrliosta Leabhar Páistí na Bliana (do shóisir) den chéad uair riamh ó bunaíodh na gradaim scór…
Inniu, Dé hAoine an 24 Deireadh Fómhair, téann muintir na hÉireann sna 26 contae chun na mboscaí ballóide le ceann de na roghanna is tábhachtaí i ndaonlathas an stáit seo a dhéanamh — cé a bheidh mar an chéad uachtarán eile ar Éirinn. Tá deireadh le ré an Uachtaráin Micheál D Ó Uiginn ag druidim…

Na leaids ar ais ag seinm i mBéal Feirste Cóilín Duffy Tá scéala spreagúil do lucht an cheoil agus don phobal Gaeilge fógartha inné, Déardaoin, go mbeidh baill de chuid an grúpa rap cáiliúil Kneecap ag tabhairt ceolchoirm speisialta i mBéal Feirste mar chuid d’Oireachtas na Samhna 2025. Beidh an ócáid ar siúl i mBeár…

Tar éis di teacht sa dara háit in 2024, tá an t-amhránaí óg ó Chorcaigh réidh anois le hainm na hÉireann a chur in airde os comhair na hEorpa Cóilín Duffy Tá bua faighte ag Lottie O’Driscoll-Murray (14) as Corcaigh: tar éis di páirt a ghlacadh in Eoraifís Shóisearach Éire ar feadh trí shéasúr as…

Ceathrar eile ó Ghaillimh agus Baile Átha Cliath san iomaíocht don onóir náisiúnta Cóilín Duffy Bhí Na Gaeil CLG, Trá Lí, i measc na mbuaiteoirí móra ag Gradaim Cúiseanna Maithe an Chrannchuir Náisiúnta 2025, áit ar bronnadh Gradam na Gaeilge orthu mar aitheantas ar an obair eisceachtúil atá déanta acu chun an Ghaeilge a chur…