Cathal Ó Murchú Dé hAoine an 9 Bealtaine seo caite d’fhógair an grúpa síochána Lex Innocentium, atá mar chuid de Thogra Síochána na hEorpa, An Forógra Eorpach ar son na Síochána lasmuigh d’Ard-Oifig an Phoist i gcroílár Bhaile Átha Cliath. Bhí léirsithe eile ag Togra Síochána na hEorpa ar fud na hEorpa inar léadh amach…
Cathal Ó Murchú Tá sé deacair go leor méar chruinn a leagan ar cé hé go díreach an Pápa nua, Leon XIV. Nuair a tháinig an deatach bán amach as simléir an tSéipéil Shistínigh an tseachtain seo caite, is beag ar fad an aithne a bhí ag pobal an domhain agus cuallacht na hEaglaise Caitlicí…
Bagairt don neodracht Ní féidir aon amhras a bheith ann ach go bhfuil fíorbhagairt ann do neodracht stát na 26 contae. Tá feachtas ar siúl ag an mbunaíocht sna meáin, sa rialtas, sna ranna stáit agus i bpáirtithe na bunaíochta, Fianna Fáil agus Fine Gael go príomha, chun an chonair a réiteach le gur féidir…
Cathal Ó Murchú Dé Domhnaigh an 27 Aibreán seoladh feachtas chun airgead a thiomsú ar son dealbh a thógáil lasmuigh d’Ard-Oifig an Phoist i lár Shráid Uí Chonaill, an áit ar léigh Pádraig Mac Piarais Forógra na Cásca ar an gcéad lá den Éirí Amach in 1916. Is í an eagraíocht atá taobh thiar den…
Cathal Ó Murchú Tá sraith agóidí i gcoinne rialtas na Seirbia ar siúl ó mhí na Samhna seo caite agus is é ábhar na n-agóidí caimiléireacht sa tsochaí, sa státchóras agus sa rialtas féin. Thosaigh na hagóidí frithrialtais seo sa dara cathair is mó sa tír, Novi Sad, nuair a thit díon an stáisiúin traenach…
Cathal Ó Murchú Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas. Tharla al-Naqba, nó “an Tubaiste”, i mí na Bealtaine 1948 nuair a bunaíodh Stát Iosrael agus díbríodh na céadta mílte Palaistíneach óna dtithe. Tá an téarma al-Naqba á úsáid ag na Palaistínigh chun cur síos a dhéanamh ar an gcailliúint ollmhór…
Cathal Ó Murchú Ó a scaip an nuacht go bhfuair an Pápa Proinsias bás maidin Luan Cásca tá tráchtairí na meán agus neart eile amuigh ag déanamh measúnú ar an gcineál pápa a bhí ann, agus tá tuairimí dearfacha den chuid is mó léirithe faoin bhfear féin agus faoina phápacht. Bhuail stróc agus taom croí…
Cathal Ó Murchú Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas. Tá stair fhada ag muintir na hÉireann le himirce, agus tá an diaspóra Éireannach ar cheann de na pobail is mó agus is scaipthe ar domhan. Meastar go bhfuil suas le 80 milliún duine ar fud na cruinne a bhfuil gaol…
Cathal Ó Murchú In ainneoin an mhaímh mhóir ag an Uachtarán Donald Trump nár thosaigh sé aon chogadh nua le linn a chéad téarma agus an gealltanas a thug sé nach dtosódh sé ceann sa dara tréimhse dó, tá an chosúlacht ar an scéal anois go bhfuil bagairt mhór ann go mbrisfidh cogadh amach idir…
Cathal Ó Murchú Ar an 23 Márta scaoil Arm Iosrael urchar le 15 chéad fhreagróir i gconbhua gluaisteán agus iad ag gluaiseacht chun cabhair a chur ar fáil do phobal Gaza san olltubaiste daonna atá ar siúl ansin i láthair na huaire. Mharaigh siad na hoibrithe uile, ansin chaith siad uathu na corpáin agus agus…