
Aoife Granville Táimid tagtha ó lá in omós do Naomh Bríd go lá pátrúin in omós do Naomh baineann speisialta eile, is í sin Gobnait. Tá caidreamh ar leith ag pobail Inis Oírr, Dhún Chaoin agus Bhaile Bhuirne léi agus is ar an 11 Feabhra a dheintear ceiliúradh ar Naomh Gobnait sna ceantair sin. Is…

Aoife Granville ‘Anois teacht an earraigh tá an lá ag dul chun síneadhIs tar éis na féile Bríde árdóidh mé mo sheol’ Raifteirí Ceann de na laethanta cinn ráithe is ea Imbolc, an 1 Feabhra, agus i dteannta Bhealtaine, Lughnasa agus Shamhna, briseann na seanfhéilte seo an bhliain suas go nádurtha dúinn. Is féilte iad…

Aoife Granville Cé go bhfuil traidisiún an Dreoilín le feiscint go fóill in áiteanna eile fén dtír, níl aon dabht fé ach go bhfuil caidreamh fíorspeisialta ag pobal Dhaingean Uí Chúis leis an deasgnáth. Bíonn níos mó daoine páirteach sa traidisiún anois ná mar a bhí a riamh agus tuiscint i measc mhuintir an bhaile…

Aoife Granville Ní hiad na ceantair thuaithe amháin ina mbíonn traidisiúin agus béaloideas beo, cé gur seans go bhfuil an mhíthuiscint sin ann go ginearálta. Tá an béaloideas i gnach ceantar, cathair agus baile. I gCorcaigh táthar ag bailiú eolas ar seo le fada an lá. Tá Tionscnamh Bhéaloideas Chorcaí ag tabhairt aird ar thraidisiúin agus…

Aoife Granville Duine de na béaloideasóirí is tábhachtachtaí inár dtraidisiún ab ea Caoimhín Ó Danachair, a bhfuil a shaothar fós ríthábhachtach do thaighdeoirí agus scoláirí inniu. Rugadh Ó Danachair in Áth an tSléibhe i gContae Luimní in 1913 agus is thart ar an gceantar sin a thosaigh sé ag bailiú seanchais agus béaloidis níos déanaí…