
Ní éasca a bhíonn sé ar dhuine ar bith arb é mian a chroí é dul san iomaíocht sna Cluichí Oilimpeacha. Leantar scéal an chliathreathaí 400m, Diarmuid Clancy ó Corcaigh, i gclár faisnéise ar TG4 an tseachtain seo (Déardaoin an 2 Eanáir ag 7:15pm; Athchraoladh an 5 Eanáir ag 6.10pm) de réir mar a bhíonn…

Nollaig shona agus athbhliain faoi mhaise duit ón foireann go léir ag An Páipéar! Beimid ar ais ar an 30ú lá Nollaig le h-eagrán #8. Go raibh maith agaibh as ucht an tacaíocht go léir i 2024.
Bill Breathnach Tá comhrialtas idir Fianna Fáil, Fine Gael agus Grúpa Réigiúnach na Neamhspleách nach mór socraithe dar le foinsí i dTeach Laighean. Tá an-seans ann go gceapfar duine de na neamhspleáigh sin ina Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail. Chomh maith leis sin, beidh ochtar ó Fhianna Fáil sa gcomh-aireacht in éindí le seisear ó…

Tá Liadh Ní Riada ainmnithe ag Foras na Gaeilge do thoghchán Sheanad Éireann. Tá an t-ainmniúchán déanta mar thoradh ar phróiseas léirithe spéise agus roghnaithe a reáchtáil Foras na Gaeilge le hiarrthóir, a mbeidh cosaint agus forbairt na Gaeilge mar thosaíocht acu, a roghnú. Faoi láthair, tá sí ag obair mar Bhainisteoir/Stiúrthóir an Ionaid Ealaíon…

Cóilín Duffy Beidh an ceolscannán Kneecap agus The Winter Coat ó Shaoirse Ronan ón dráma cogaidh Blitz le feiceáil ar ghearrliostaí na nOscars atá fógartha roimh ainmniúcháin na míosa seo chugainn. Tá an scannán Kneecap ar an ngearrliosta don Ghnéscannán Idirnáisiúnta is Fearr in éineacht le Santosh ón Ríocht Aontaithe, Armand ón Iorua agus Emilia…
Eoin Ó Murchú Drochscéal amach is amach is ea an nuacht gur dócha nach mbeidh calafort Chaergybi (a ghalldaítear mar Holyhead) ag oscailt go dtí i ndiaidh na Nollag. Téann 60% den lastas idir Éire agus Sasana tríd an gcalafort sin, agus tá caillteanais mhóra ann de bharr a dhúnta. Rinne stoirm Darragh dochar criticiúil…

Tá beirt fhear cúisithe as dúnmharú Karen Cummings, 40 bliain d’aois, sa cheantar Arda Labhrais i nDroichead na Banna tráthnóna Dé Sathairn Jack Mac Íomhair Cúisíodh beirt fhear as dúnmharú i ndiaidh gur thángthas ar Karen Cummings, í gan aithne gan urlabhra agus gortaithe go dona sa cheann. Fuair sí bás ar an láthair i…

Diarmuid Breatnach Dé Luain na seachtaine seo bhris ollstailc amach i mbaile Jenin ar an mBruach Thiar sa Phalaistín, ní i gcoinne Iosrael ach i gcoinne Údarás na Palaistíne, de bharr eachtraí an deireadh seachtaine agus a gcúlra. Tar éis léigear cúig lá ag fórsaí slándála an Údaráis ar Jenin, maidin Dé Sathairn rinneadar ruathar…

Eoin Ó Murchú Ar nós Dracula, a d’éirigh gach oíche le dul sa tóir ar fhuil na mbeo, tá conradh trádála Mercosur tagtha chun solais arís, agus aontú idir an tAontas Eorpach agus tíortha Mercosur – an Airgintín, an Bhrasaíl, Uaraga, Paragua, an Bholaiv agus Veiniséala (atá ar fionraí ón mbloc faoi láthair). Bloc trádála…

Cathal Ó Murchú Tá géarú sa bhreis sa chogadh idir an Rúis agus an Úcráin i dteannta lena dtacadoirí Iartharacha tar éis do ghníomhairí rúnda de chuid na hÚcráine an Ginearál Igor Kirillov agus a chuntóir a mharú le bob-bhuama cianrialaithe. Ba shaineolaí ar leith é Kirillov ar airm ollscriosta, go háirithe sna réimsí ceimiceacha…