Eoin Ó Murchú Dé Mairt seo chugainn, an 2 Meán Fómhair, tá Banc Ceannais na hÉireann chun an ceadú rialaitheach faoina ndíolann siad bannaí cogaidh Iosraelacha a athdhearbhú. Deir an Banc Ceannais go bhfuil sé faoi cheangal ag rialacha an Aontais Eorpaigh leanúint leis an gceadú sin, ach is léir go dtugann coireanna cogaidh Iosrael…
Eoin Ó Murchú Tá scannal na mblocanna lochtacha ar na scannail is mó a ghoill ar an bpobal le blianta beaga anuas, ach, in ainneoin geallúint an rialtais go dtiocfaí chun fóirithinte ar na daoine atá thíos leis mar gheall ar mhíoca a bheith sna blocanna, tá gearáin faoin scéim fóirithinte ag dul i méad.…

Cóilín DuffyBhí atmaisféar speisialta in Oifig an Choimisinéara Teanga ar an gCeathrú Rua Dé Luain seo caite nuair a chuir Séamus Ó Coileáin tús lena chéad lá oibre mar stiúrthóir nua na hoifige. Ba é An Páipéar an chéad mheán cumarsáide ar labhair sé leis ina ról nua, agus ba léir ón gcomhrá gur chuir…

Tá sé tagtha chun solais gurb é Pól Deeds an t-iarrthóir tosaíochta Jack Mac Íomhair I ndiaidh do Ghaeilgeoirí sna sé chontae fanacht 3 bliana, tá cuma ar an scéal go gceapfar coimisinéir Gaeilge gan mhoill. Is dul chun cinn an-suntasach é sei ó thaobh na Gaeilge ó thuaidh. Tháinig an scéal chun solais an…

Domhnall Mac Concharraige Táthar tar éis gealach eile de chuid an phlainéid Úranás a aimsiú le teileascóip James Webb. Ní raibh a fhios ag éinne go raibh an ghealach seo ann. Bhí sí i bhfolach go dtí seo gar do na fáinní atá thart timpeall an phlainéid. Tá an ghealach nua deich gciliméadar trasna. “S/2025…

Na céadta ag tacú le Liam Óg Ó hAnnaidh agus é os comhair cúirte i Londain Jack Mac Íomhair i Londain Tháinig na céadta chun sráide Dé Chéadaoin chun tacaíaíocht agus dlúthpháirtíocht a léiriú do bhall Kneecap Liam Óg Ó hAnnaidh i Londain. Bhí léiriú tacaíochta ann do Mo Chara ó Kneecap a bhí cúisithe…

Cóilín Duffy Tá stair scríofa ag Katelyn Cummins ó Bhaile Uí Oscail, Co. Laoise, tar éis di a bheith roghnaithe mar Rós Thrá Lí 2025. Is í seo an chéad uair riamh a roghnaíodh Rós as Laois mar Rós Thrá Lí. Is leictreoir ar phrintíseacht í Katelyn, atá 20 bliain d’aois. Thug sí le fios…

Cóilín DuffyBeidh na mílte daltaí ar fud stát na 26 chontae ag logáil isteach maidin inniu, Dé hAoine, chun torthaí na hArdteistiméireachta a fheiceáil. Fuair daltaí i sé chontae an oirthuaisceart a dtorthaí Ardleibhéil an tseachtain seo caite, Déardaoin an 14 Lúnasa. Is tráth sceitimíní agus néaróg é sin do dhaoine óga agus a dteaghlaigh.…
Jenna Goulding Fuair an file Gaeilge Derry O’Sullivan bás an tseachtain seo i bPáras, agus 81 bliain d’aois curtha de aige. Ba as Beanntraí i gCorcaigh é agus rugadh é i 1944 i dteaghlach ina raibh Béarla á labhairt. D’fhreastail sé ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus rinne sé staidéar ar Laidin, an Gréigis, agus…
Domhnall Mac Concharraige Dár le Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) beidh ar mhic léinn smaoineamh faoi chúrsaí thar lear seachas cúrsaí in Éirinn de bharr cíosanna arda. Dúirt Bryan O’Mahoney uachtarán AMLÉ, go bhfuil neart roghanna san Eoraip, áit ina bhfuil lóistín agus táillí ollscoile i bhfad níos saoire. Dúirt sé chomh maith…