Eoin Ó Murchú Cé go mbíonn an rialtas ag maíomh go gcabhróidh na bearta a d’fhógair siad sa cháinaisnéis le tuilleadh tithíochta a chur ar fáil, deir tuarascáil a d’fhoilsigh Bainc-Aontas Éireann go bhfuil cúlú le tabhairt faoi deara sa tionscal tógála. Is dearbhú é an tuarascáil seo nach n-éireoidh leis an rialtas na spriocanna…

Cathal Ó Murchú Toghadh bean den chéad uair mar phríomh-aire na Seapáine. Sanae Takaichi is ainm di, atá 64 bliain d’aois. Is coimeádach í agus í an-bháúil le Margaret Thatcher, iar-phríomhaire na Ríochta Aontaithe ó 1979 go 1990. Tagann sí i gcumhacht ag am a bhfuil muintir na tíre sin ag streachailt le costas maireachtála…
I Maigh Cuilinn chas an tAire Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, an chéad fhód le tús a chur le tógáil Ionad Pobail Mhaigh Cuilinn, áis nua-aimseartha a bheidh ina croítheach don phobal áitiúil agus don cheantar máguaird sna blianta atá romhainn. Bhí Údarás na Gaeltachta lárnach i bhforbairt an tionscadail seo ó…
Eoin Ó Murchú Dar leis The New York Times tá Donald Trump ag cur go mór le brú míleata ó na Stáit Aontaithe ar rialtas Nicolás Maduro, uachtarán Veiniséala, le taispeántas drámatúil de bhagairtí aeracha le cúpla lá anuas agus an Pentagon ag bailiú raon fórsaí armtha sa réigiún. Go deimhin tá teannas ann ar…

Cathal Ó Murchú Chuir an rialtas vóta muiníne faoi bhráid na Dála Dé Céadaoin maidir le ceannaire Fhine Gael agus an Tánaiste Simon Harris chun teacht roimh an vóta mímhuiníne de chuid Aontú an tseachtain seo chugainn. Bhuaigh an rialtas an vóta seo le 94 ar son agus 65 in aghaidh. Baineann an vóta seo…
Eoin Ó Murchú Tá cinneadh Choiste Dhuais Nobel san Iorua cáinte go láidir ag rialtas Veiniséala as duais síochána na bliana seo a thabhairt do cheannaire an fhreasúra i Veiniséala, María Corina Machada. Dúirt Coiste Nobel go raibh an duais ag dul di mar gheall ar a cuid iarrachtaí an daonlathas a chur chun cinn…
Domhnall Mac Concharraige Fograíodh le déanaí go mbainfear níos mó úsáid as orduithe ceannaigh éigeantacha ag na húdaráis áitiúla mar gheall ar an athbhreithniú ar an bplean tithíochta. Meastar i gcásanna nach bhfuil úinéirí tithe folmha sásta a bheith comhoibríoch leis na húdaráis go mbainfidh siad úsáid as an gcumhacht chun seilbh a ghlacadh ar…
Eoin Ó Murchú Léiríonn an phobalbhreith a foilsíodh in Sunday Business Post go bhfuil gach uile sheans ag an iarrthóir neamhspleách den eite chlé, Catherine Connolly, toghchán na huachtaránachta a bhuachan. Dar leis an suirbhé seo tá tacaíocht 36% ag Connolly, 25% ag iarrthóir Fhine Gael, Heather Humphries, agus 12% ag Jim Gavin, figiúr dochreidte…

Jenna Goulding Is tarraingt mhór do thurasóirí é dealbh Mhoil Ní Mhaoileoin. Coimisiúnaíodh an dealbh in 1988 do cheiliúradh mílaoise Bhaile Átha Cliath. Nochtadh an dealbh athchóirithe don phobal níos luaithe an tseachtain seo. Bhí cláir curtha timpeall uirthi ar feadh cúpla lá le haghaidh oibreacha. Tháinig drochdhath ar chliabhrach na deilbhe cáiliúla tar éis…
Bhí an Páirtí Aontachtach Daonlathach (PAD) ag lorg athbhreithniú ar pholasaí de chuid Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste Jack Mac Íomhair I ndiaidh gur aontaigh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste polasaí dátheangach an tseachtain seo caite, tá an Páirtí Da fós ag iarraidh ionsaí a dhéanamh ar an teanga. Chuir an Páirtí Aontachtach Daonlathach rún os comhair…