Cathal Ó Murchú Léiríonn ceann de na féilte cultúrtha is mó san Eoraip, Féile Idircheilteach an Oriant (Festival Etrekeltiak an Oriant), go bhfuil fás agus borradh i gcultúr Ceilteach na Briotáine i dtaobh an cheoil, an rince, na héide náisiúnta, an bhia, na dí agus roinnt nósanna traidisiúnta a bhaineann leis an náisiún sin. Meastar…

Kerron Ó Luain Tá sé i gceist ag Príomh-aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, forghabháil mhíleata iomlán a dhéanamh ar Gaza. Tá an moladh seo tar éis easaontad móra a chruthú i measc ceannairí míleata agus polaitiúla Iosrael. thug roinnt príomhcheannairí míleata rabhadh go bhféadfadh a leithéid d’aistriú trúpaí Iosrael a fhágáil sáinnithe i gcoimhlint níos fadtéarmaí…
Domhnall Mac Concharraige Tá cainteanna comhshaoil ar siúl ag na Náisiúin Aontaithe sa Ghinéiv faoi láthair. Tá 180 tír ag glacadh páirte agus is é an sprioc atá acu teacht ar chonradh idirnáisiúnta i gcoinne truailliú plaisteach. Tá 600 eagraíocht neamhrialtasach páirteach san idirbheartaíocht freisin agus deir gach páirtí atá i láthair gur contúirt mhór…

Cathal Ó Murchú Gach bliain ó 1970 i leith, seachas blianta na paindéime, 2020 agus 2021, tá féile idircheilteach ar siúl in An Oriant (Lorient) i ndeisceart na Briotáine. Tá an Oriant féin ar comh-mhéid le Cathair na Gaillimhe. Tá an Bhriotáin, ceann de na sé thír Cheilteacha a bhfuil teanga Cheilteach iontu, in iarthuaisceart…

Jenna Goulding Bhí Kneecap sceidealaithe le seinm ag Féile Sziget i mBúdaipeist ar an 11 Lúnasa, ach chuir rialtas na hUngáire cosc ar an ngrúpa rapcheoil dul isteach sa tír ar feadh tréimhse trí bliana. Thug lucht eagraithe na féile le fios gur dhiúltaigh siad an cuireadh a thug siad do Kneecap a tharraingt siar.…
Jenna Goulding De réir foráil den “bhille mór álainn” a d’achtaigh rialtas Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, beidh ar chuairteoirí sna Stáit Aontaithe “táille ionracais víosa” a íoc. Is é $250 an táille atá beartaithe. Mar sin féin, tá cead Rúnaí Slándála na Tíre Dúchais táille níos airde a shocrú, de réir na forála.…
Cathal Ó MurchúLe coicís anois tá coimheascar teorann ar siúl idir dhá thír in oirdheisceart na hÁise, an Chambóid agus an Téalainn. Tá sos comhraic tar éis teacht i bhfeidhm gan morán athraithe ar an scéal seachas gur bhásaigh 20 saighdiúr ón dá arm agus thart ar an méid céanna sibhialtach sa dá thír. Chomh…
Máirtín Mac Eoin Tá an páirtí nua ar an eite chlé i Sasana, arna chur le chéile ag na feisirí parlaiminte Jeremy Corbyn agus Zarah Sultana, ag dul ó neart go neart le níos mó na leath milliúin duine i ndiaidh clárú leis le trí lá anuas. Tá níos mó daoine cláraithe leis an bpáirtí…

Eoin Ó Murchú Tá faitíos ar bhunaíocht an Aontais Eorpaigh go bhféadfadh Andrej Babiš toghchán na Seicia a bhuachan i mí Dheireadh Fómhair seo chugainn. Tá páirtí Babiš, ANO, chun tosaigh sna pobalbhreitheanna agus tá Babiš freisin ag dearbhú nach nglacfaidh sé le polasaí an rialtais reatha go n-ardófar caiteachas cosanta 5%, mar tá éilithe…

Cóilín Duffy Tá CLG na Palaistíne tar éis a dhearbhú go bhfuil a dturas samhraidh go hÉirinn curtha ar ceal le “croí trom,” de réir mar a theip ar iarrachtaí ag an nóiméad deiridh víosaí a fháil do 33 páiste agus 14 mheantóir ón mBruach Thiar. Bhí an fhoireann le teacht go hÉirinn inniu (Dé…