
Craolfar clár faisnéise nua, Dubhghlas, ar Raidió na Life Dé Luain an 22 Nollaig ag 6 a chlog tráthnóna agus arís ar Lá Fhéile Stiofáin ag 2 pm. Beidh an clár ar fáil mar phodchraoladh ar Spotify, iTunes agus Soundcloud freisin. Ceannródaí Gaeilge agus an chéad Uachtarán ar Éirinn ba ea Dubhghlas de hÍde, agus…

Raidió na Gaeltachta Dé hAoine 19/12/25 00:00 Scoth an Déardaoin 07:00 Nead na Fuiseoige 08:00 Adhmhaidin 09:00 Príomhscéalta na Nuachta 09:15 Iris Aniar 10:15 Cuideachta Ceoil 10:55 Tuairisc Spóirt 11:00 Barrscéalta 12:00 Príomhscéalta na Nuachta 12:08 An Saol ó Dheas 13:00 Nuacht a hAon 14:00 Tuairisc Spóirt 14:05 Fonn 15:00 Pé Scéal é 17:00 Tús…

TG4 Dé hAoine 19 Nollaig 05:30 France 24 06:00 Cúla4 06:02 Bréidín & Clúmh (GS) 06:08 CoComelon It's Cody Time 06:11 CoComelon JJ's Animal 06:14 Féirín Nollag Timmy 06:37 Elmo Anseo 06:44 Pip & Posy 06:54 Olobob Top 07:00 PJ Masks 07:12 Wussywat 07:17 Clifford 07:30 Woozle & Pip 07:35 Vegesaurs 07:40 Dot 07:52 Momonsters…
Cóilín DuffyNíl ach 18.19% de pháistí agus daoine óga idir 3 agus 18 mbliana d’aois sa Ghaeltacht ina gcainteoirí laethúla Gaeilge, de réir torthaí nua atá foilsithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta sa tuarascáil Daonáireamh 2016–2022: Teaghlaigh, Páistí agus Daoine Óga sa Ghaeltacht Léiríonn na figiúirí seo go soiléir go bhfuil meath seasta ar úsáid na…

Sheol Foras na Gaeilge mórfhoclóir nua ceannródaíoch Gaeilge Dé Máirt seo caite, rud a bhfuiltear ag cur síos air mar chloch mhíle i bhforbairt na teanga. Is é An Foclóir Nua Gaeilge an chéad mhórfhoclóir aonteangach Gaeilge riamh, atá á thabhairt chun beatha gan spleáchas ar an mBéarla den chéad uair i stair na foclóireachta…

Ag ócáid i gCeannáras Fhoras na Gaeilge ar Shráid Amiens i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin sheol Jarlath Burns, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, 13 leabhar nua atá foilsithe ag an nGúm. I measc na leabhar a seoladh bhí: · Leabhair don aos óg: Asailín Abú! le Pauline Devine agus Misneach i…

Bhí ceiliúradh ar siúl san ionad pobail i nDroim an Fhia i gCeatharloch maidin Dé Domhnaigh, an seachtú lá de mhí na Nollag. Bailíodh muintir na háite le chéile ar an lá chun gaiscí an choiste Gaeilge a cheiliúradh. Maidin spraíúil agus speisialta a bhí ann agus bhí téama na Nollag lárnach san ócáid, le…

Tá comhpháirtíocht cheannródaíoch nua fógartha idir an Tionscadal Coillearnaí Gaelaí agus Conradh na Gaeilge, agus an eagraíocht chomhshaoil tar éis éirí go hoifigiúil ina craobh den eagraíocht teanga den chéad uair riamh. Is é seo an chéad charthanas comhshaoil sa tír a tháinig faoin gConradh, agus táthar á mheas mar chéim mhór i dtreo nasc…
Bronnadh Cónaitheacht Heinrich Böll d’Ealaíontóirí Gaeltachta ar an fhile Laoighseach Ní Choistealbha agus ar an cheoltóir, fonnadóir agus damhsóir Séamus Ó Flatharta an tseachtain seo. Seo cónaitheacht a bronnadh den chéad uair, i mbliana. Tá an chónaitheacht á cur ar fáil mar gheall ar chomhpháirtíocht nua idir Ealaín na Gaeltachta agus Cumann Heinrich Böll, agus…
Tá lúcháir ar an Chiste Craoltóireachta Gaeilge (CCG), de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann, na cinntí maoinithe is deireanaí atá déanta aige don bhliain 2025 a fhógairt. Bronnadh maoiniú ar raon leathan d’ábhar agus fuair 15 thionscadal san iomlán maoiniú. Is iad na haidhmeanna atá ag an CCG léiriú agus craoladh ábhair ardchaighdeánaigh i nGaeilge a…