
Tá ana-áthas ar Dhúchas an Daingin a fhógairt go bhfuil Glór na Nollag ó Chorca Dhuibhne ar fáil anois don bpobal ar YouTube. Is é atá i gceist le Glór na Nollag ó Chorca Dhuibhne ná bailiúchán d’amhráin agus de phoirt a bhaineann leis an Nollaig i gCorca Dhuibhne agus taifeadadh déanta againn ar mhuintir…

Jenna GouldingD’fhógair an Cumann Peile Bóihéamach níos luaithe an tseachtain seo seoladh geansaí as baile do shéasúr 2026, cruthaithe i gcomhar le Kneecap. Tá an grúpa ag déanamh urraíocht ar gheansaí an chlub don bhliain seo chugainn. Úsáidfear na cistí a bhaileofar chun tacú leis an ngiomnáisiam pobail Aclaí sa Phalaistín stiúideo ceoil pobail a…

Tá tairiscint nua fógartha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhpháirtíocht le Fáilte Éireann agus Macnas, ina dtugtar cuireadh do sholáthróirí cuidiú le coincheapa a fhorbairt le haghaidh eispéireas cuairteoirí Macnas i gCathair na Gaillimhe a bheadh ar siúl ar feadh na bliana. Tá an tairiscint ar fáil ag www.etenders.gov.ie. Dúnfar é an 23 Eanáir…

Tá An Páipéar bródúil go bhfuilimid ag foilsiú go heisiach sleachta as an úrscéal nua Spéic na Girsí le Ré Ó Laighléis dár léitheoirí. Tá caibidil eile againn daoibh an tseachtain seo. Ré Ó Laighléis Caibidil 6Oidhreacht agus Teanga “Oidhreacht!” arsa Daire den cheathrú huair in achar gearr cainte. “Ní tada sinn dá huireasa.” A…
Comhar ceolmhar mar cheiliúradh ar an gceangal cultúir idir Éire agus an tSeapáin leo siúd ar bronnadh Gradam Ceoil TG4 2025 orthu agus ceoltóirí agus damhsóirí traidisiúnta as an tSeapáin. B’ábhar ríméid do TG4 cuireadh a fháil ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála feidhmiú mar pháirtnéir craoltóireachta agus taifeadadh a dhéanamh ar an gclár speisialta…
Bronnadh Cónaitheacht Heinrich Böll d’Ealaíontóirí Gaeltachta ar an fhile Laoighseach Ní Choistealbha agus ar an cheoltóir, fonnadóir agus damhsóir Séamus Ó Flatharta an tseachtain seo. Seo cónaitheacht a bronnadh den chéad uair, i mbliana. Tá an chónaitheacht á cur ar fáil mar gheall ar chomhpháirtíocht nua idir Ealaín na Gaeltachta agus Cumann Heinrich Böll, agus…

An Nollaig sa Naigín le Ré Ó LaighléisLéaráidí le Tatyana Feeney An Nollaig 1961. Mé ocht mbliana d’aois. Bhuel, ocht mbliana go leith, i ndáiríre. Séideán sneachta ina chuilithíní boga isteach trí’n bhfuinneog oscailte a dhúisíonn mé. Tá an millisoicind ann, díreach i ndiaidh dom mo shúile a oscailt – nó an roimhe sin a…

Ba oíche mhór í i lár Bhaile Átha Cliath nuair a bronnadh Gradam Love Leabhar Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana 2025 ar an údar agus foilsitheoir Darach Ó Scolaí dá leabhar Bódléar. Bhí an ócáid ar siúl in Ionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath mar chuid de An Post Irish Book Awards, agus ba léiriú…

Bhí deireadh seachtaine eisceachtúil ag Futa Fata le deanaí agus iad ag ceiliúradh fiche bliain ó bunaíodh an teach foilsitheoireachta cáiliúil i gConamara. Reáchtáladh Seó Mór 2025 in Amharclann Chois Fharraige, áit ar thug páistí ó Scoil Sailearna léiriú beo bríomhar ar shaibhreas leabhar Futa Fata, i dteannta Thadhg Mhic Dhonnagáin, Chaitlín Ní Chualáin agus…

Bronnadh maoiniú beagnach €400,000 ar Aisling Ghéar faoin tríú sruth de Ghradaim Amharclannaíochta na Gaeilge 2025, le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon agus ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann. Is infheistíocht shuntasach í seo a chuirfidh ar chumas an chompántais drámaíochta léiriú mórscála nua a chruthú agus a thabhairt ar chamchuairt ar fud oileán na hÉireann in…