Cainteanna Síochána A Eagarthóir, a chara, Tá iarracht ollmhór ar siúl faoi láthair ag rialtas agus príomh-mheáin na 26 chontae dallamullóg a chur ar an bpobal faoin ngá le méid mór airgead poiblí a chaitheamh ar armlón agus trealamh míleata, agus muid i lár géarchéim thithíochta, shláinte agus oideachais. Dar le Micheál Martin agus a…
Sínte fada A Eagarthoir, a chara, Ta fadhb agam. Aon uair a scriobhaim ar an riomhaire ni thagann na sinte fada in airde. Is cuma ce mhead uair a chrochaim iad ar na gutai Gaelacha gleoite a bhreacaim bailionn siad ag bun an riomhphoist, san abairt dheireanach, i gconai. Ni hamhain sin ach deantar e…
Cuireann Clann Uí Fhearghaíl fáilte chroíúil roimh Bhanbha Róise Ní Fhearghaíl a rugadh ar an 7 Eanáir 2025 in Ospidéal Chnoc na Nóiníní, Co. an Dúin. Iníon do Phádraig agus Cáit agus deirfiúr d’Éinín, atá 14 mhí d’aois. Táimid ar fad an-sásta agus an-bhródúil asat!
Cá bhfuil an Ghaeilge? Easpa Forógraí as Gaeilge in Olltoghchán 2024 Tá áthas agus dóchas agam go bhfuil Dara Calleary ceaptha mar aire sinsearach, freagrach as cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, agus seo an chéad uair dá leithéid ó 2011. Is léir go bhfuil suim mhór ag Dara i gcúrsaí Gaeilge agus líofacht réasúnta maith aige…
Glanadh an Earraigh A Eagarthóir, a chara, Gach bliain tagann mí Eanáir agus gach bliain nílim réidh dó! Tagann Eanáir, le stoirm agus beagáinín fuachta. Bím ag suí síos ag breathnú isteach i mo chupán tae, nó ag scríobh liostaí fada “le déanamh”; nó níos measa fós, ag gruaimscrolláil ar fhiseáin YouTube. ‘Caithfidh me leanúint…
Normalú na Gaeilge A Eagarthóir, a chara, Tagaim le Seathrún Sardina (Ní saoradh na Gaeilge go dínormalú radacach an Bhéarla, An Páipéar an 22 Samhain 2025) go bhfuil gá le gníomhartha chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a tharrtháil. Ach maidir le dínormalú an Bhéarla, nár cheart dúinn tabhairt faoin Ghaeilge a normalú ar dtús? Cé…
“Ar mo thaisteal dom tré bhailte poirt” sa Daingean ar cuaird, fuaireas cúpla leabhar deas sa Chafé Liteartha, ceann Robert Ballagh, scéal a bheatha mar cheoltóir leis na Chessmen, agus ina ealaíontóir agus mar oibrí síochána. Tá scata dá phictiúirí sa leabhar. Gan dearmhad a dhéanamh ar Mháirtín Ó Cadhain, rogha scéalta, The quick and…
Guí don athbhliain A chara, Is iad seo mo thrí ghuí don athbhliain ná an triúr deirféar ó Chontae na Mí, Mór, Leor agus Lorgan, a chur isteach i bpálás i dTeamhair, chun an tír a stiúrú go ceann bliana. “Tá Mór ina suí” a deirtí le héirí na gréine. Tá ainm Mhóire sa bheannú…
Easpa Siúlán i Lár Tíre A chara, Ó bhog mé go lár tíre le tamall anuas tugaim suntas don easpa siúlán atá ar fáil ann. Murab ionann agus contaetha atá buailte leis an gcósta, níl tránna, cladaigh ná ailte le siúl orthu, dár ndóigh. Cinnte, tá corrfhoraois, eastát de chuid seantigh mhóir anseo is ansiúd,…
Na Toghcháin Tá na toghcháin tagtha agus imithe agus níor tháinig an t-athrú go raibh súil againn leis, ach a mhalairt ar fad. Daingniú ar an seana-phort céanna go deo a tharla. “Ní oibreoimíd le Sinn Féin” an dearcadh páistiúil a léirigh ceannaire an pháirtí is mó. Is deacair gabháil thairis sin. “No” an port…