Tag: Eagrán #2 (2024-11-08)
-
Bua ag Trump in ainneoin líomhaintí
Rás Kamala Harris rite tar éis séasúr fada vótála lán le teannas Domhnall Mac Concharraige Dé Máirt seo caite chuaigh na milliúin chuig na hionaid vótála ar fud na tíre. Tá muintir Stáit Aontaithe Mheiriceá i dtaithí ar rás fada suntasach ach is léir go raibh an toghchán seo an-éagsúil ó na cinn a tharla…
-
Díolúintí Gaeilge mar uirlis fhrith-Ghaelach
Baol ann go bhfuil an Roinn Oideachais ag déanamh ábhar roghnach den Ghaeilge Cathal Ó Murchú Tá feidhm bainte ag an Roinn Oideachais (Roinn Éadóchais mar a thugann neart Gaeilgeoirí uirthi) as na díolúintí Gaeilge ar feadh beagnach fiche bliain ag an bpointe seo. Baineann sé le cuid mhaith iarrachtaí de chuid na Roinne úd…
-
Feachtas imeaglaithe i gcoinne Scoil na Seolta
Meirgí curtha in airde le roinnt laethanta anuas ach tús curtha le tógáil an chéad scoil imeasctha sa Tuaisceart a mhúinfidh trí mheán na Gaeilge Cuireadh tús le linn na seachtaine le tógáil Scoil na Seolta in Oirthear Bhéal Feirste. Is ar Bhóthar Montgomery a bheidh an chóiríocht shealadach don scoil le hoscailt amach anseo.…
-
Má theipeann ort i do pháirtí féin, seas mar neamhspleách!
Eoin Ó Murchú Tá an ghnáth-raic faoi ainmniúcháin don olltoghchán ar siúl ag roinnt páirtithe, cuid acu mar a rabhthas ag súil leo agus cuid eile a tháinig aniar aduaidh orainn. Ní dóigh liom go raibh éinne ag ceapadh go seasfadh Antoinette Keegan, a luaitear go minic le feachtas Stardust. Ach d’fhógair sí go mbeadh…
-
An Rúiseach rúnda i dTithe an Oireachtais
Tá “Spiaire” Thithe an Oireachtais fós gan ainm. I measc an phobail ar aon nós. Tá ráflaí ann gur Seanadóir fireann é atá ann le roinnt blianta anuas, agus ar deargnamhaid ag an Rialtas é. Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach…
-
Fíorú d’fhís Sankara: Bata agus bóthar d’impiriúlaithe an Iarthair
Cathal Ó Murchú Tá réimse leathan tíortha anois san Afraic ag tabhairt bata agus bóthar don nuachoilíneachas — go háirithe nuachoilíneachas na Fraince. Tá an chuid is mó de na tíortha seo lonnaithe sa tSaiheil, díreach le hais Fhásach an tSahára, Buircíne Fasó, Mailí, an Nígir go sonrach. Go deimhin, tá na trí thír seo…
-
Breis is 250 duine marbh in Oirdheisceart na Spáinne
Míshástacht léirithe leis an Rí agus leis an bPríomh-Aire Domhnall Mac Concharraige Meastar go bhfuil breis is 250 duine marbh in Oirdheisceart na Spáinne. Bhí an méid céanna báistí tar éis titim in aon lá amháin a thitfeadh in achar bliana de ghnáth. Níor tharla a leithéid sa gceantar ó 1973 nuair a fuair 150…
-
Marú Yaha Sinwar agus an mhistéir faoina bhás
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
-
Tá an ceart ar fad ag an Rúis sa gcoimhlint le NATO
Eoin Ó Murchú Is minic a léann muid sna meáin mhóra faoi nuacht bhréagach. Ar ndóigh, ní hí an nuacht bhréagach a scaipeann na meáin chéanna a bhíonn i gceist acu, ná an chinsireacht a chleachtann siad ionas nach bhfuil aon scéalaíocht ann faoi ábhar ar bith seachas an scéalaíocht a thaitníonn le lucht na…
-
Eagarfhocal
A Ghaela,Is mór an onóir dom a bheith ag obair ar an tionscadal seo. Is rud lárnach é do lucht labhartha na Gaeilge ár meáin a bheith againn. Mar is eol dúinn, is mionteanga í an Ghaeilge, a bhíonn i gcónaí faoi bhrú ón mBéarla. Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo…