Tugadh deis don phobal agus eagraíochtaí Gaeilge a dtuairimí faoin straitéis a chuir in iúl don Fhoras
Reáchtáladh cruinniú poiblí ar líne faoi threo straitéiseach Fhoras na Gaeilge le déanaí. D’fhreastail daoine a bhí ag obair in earnáil na Gaeilge, gníomhaithe Gaeilge, lucht léinn agus léachtóirí, daoine atá ag treabhadh i ngort an Ghaeloideachais, agus oifigigh pleanála teanga ar an gcruinniú.
Bhí Hannah Ní Dhoimhín, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le hÚdarás na Gaeltachta, mar áisitheoir neamhspleách ar an ócáid. Chuir sí in iúl gur ‘cáipéis ardleibhéil’ a bhí sa cháipéis straitéiseach a bhí faoi chaibidil le linn an chruinnithe. Léirigh an cháipéis ‘uaillmhian straitéiseach’ na heagraíochta a bhaineann le ceithre mhórchuspóir, a dúirt Ní Dhoimhín.
Tugadh deis don lucht freastail ionchur a dhéanamh i ngeall ar gach mórchuspóir. Ba é ‘Cumas Teanga’, an chéad mhórchuspóir a pléadh agus a chlúdaigh neart réimsí, an t-oideachas san áireamh.
Ardaíodh ceist na naíolann agus naíonraí. D’áitigh duine den lucht freastaol gurb é ‘an deacracht is mó atá san earnáil ná cúrsaí pá’. Dúradh go gcaithfear ‘labhairt leis an Roinn Airgeadais agus an Roinn Oideachais chun teacht ar réiteach.’