Easpa pleanála ag cur le deacrachtaí daoine gan dídean

Eoin Ó Murchú

Tá tréimhse fhuar na seachtaine seo ag meabhrú dúinn go bhfuil níos mó daoine ná riamh gan dídean ceart sa tír seo. Tá os cionn 15,000 ar an liosta oifigiúil, os cionn 4,500 leanbh óg ina measc. Ní áirítear sna sonraí seo daoine a chodlaíonn amuigh, atá ag imeacht ó tholg go tolg, i ndídean ó fhoréigean baile, nó atá ina n-iarrthóirí tearmainn gan lóistín.

Darragh O’Brien T.D.

Tá an tAire Tithíochta, Darragh O’Brien, ag rá gur tosaíocht chinnte é aghaidh a thabhairt ar easpa dídine agus go bhfuil an rialtas ag obair go réidh chun dul i ngleic leis an dúshlán seo.

Ar ndóigh, tá an rud céanna á rá ag an aire le tamall fada, iagus níl aon fheabhas le feiceáil. Ach creideann an t-aire gur choir cloí leis na polasaithe reatha in ainneoin go bhfuil ag teip orthu go dtí seo agus go bhfuil an scéal ag dul in olcas.

Maidir le lucht iarrtha dídine, dar le figiúirí ó Ghréasán Imirce na hEorpa, tá ag teip ar Éirinn pleanáil cheart a dhéanamh le haghaidh méadú tobann ar theacht isteach iarrthóirí tearmainn, in ainneoin go bhfuil dualgas orainn faoi dhlí an AE plean teagmhais don chás seo a chur i láthair faoi mhí Aibreáin 2025.

Cuireadh béim ar dtús ar phleanáil theagmhasach “chun leathnú mór ar líon na ndaoine a chuireann isteach ar chosaint idirnáisiúnta a bhainistiú” mar “ábhar práinne” i dtuarascáil ghrúpa idir-rannach 2019 an rialtais maidir le soláthar díreach.

I mí Mheán Fómhair 2020, dúradh i dtuarascáil an ghrúpa chomhairligh atá ceaptha ag an rialtas gur chuir easpa pleanála teagmhais d’ardú gan choinne ar iarratais “leis an gcaoi ad hoc a mbítear i mbun obair” chóras tearmainn an stáit.

Ba chóir pleanáil theagmhasach a dhéanamh “roimh ré ionas gur féidir acmhainní breise a úsáid go tapa, chun cosc a chur ar bhorradh as a dtiocfaidh tógáil riaráiste”.

Ach de réir mar nach ndéantar aon phleanáil fhiúntach i dtaobh Éireannaigh gan dídean níl a leithéid ann ach an oiread ina dtaobh siúd atá ag lorg tearmainn.

Ní léir ag an bpointe seo go dtiocfaidh aon fheabhas ar an scéal.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.