Bhí tionchar nach beag ag an mbata scóir ar chinniúint na Gaeilge. Bata thart ar throigh ar fhad agus eangaí beaga air a bhí ann de ghnáth. Ach níorbh aon ghnáthghléas seomra ranga é an bata scóir. Arm smachta ab ea é. Gach aon uair a bheirtí ar pháiste ag caint Gaeilge chuirtí eang, nó scór, ar an adhmad. Ag deireadh an lae thugtaí léasadh don pháiste ag brath ar an líon uaireanta a labhraíodh Gaeilge. Mar shampla, dá mba rud é gur rugadh orthu sé huaire, sé léasadh a bheadh ag dul dóibh.
Ba choir í an teanga de bharr an bhata scóir. Do dhaltaí i gConamara, Ciarraí, Corcaigh agus áiteanna eile san iarthar go príomha, nascadh an Ghaeilge leis an náire agus an phian. Bhí an polasaí soiléir; ba é Béarla teanga an ghradaim agus ba í an Ghaeilge teanga na mbochtán agus na “sclábhaithe”.
Chonaic an máinlia agus scríbhneoir Sir William Wilde, athair Oscar Wilde, an próiseas a bhain leis an mbata scóir agus é ag taisteal sna 1850í. Agus é gar do Loch Eidhneach i gConamara chonaic sé buachaillín óg ocht mbliana d’aois ag cogarnach lena dheirfiúr i nGaeilge. Ach nuair a chonaic a athair é baineadh geit as agus stop sé á labhairt, “agus an chuma air go raibh botún uafásach déanta aige”, dár le Wilde. Tharraing an t-athair bata beag a bhí crochta timpeall mhuineál an pháiste amach óna éadaí agus ghearr scór úr ann.
Nuair a ceistíodh an t-athair faoi seo, mhaígh sé “tá grá agam don Ghaeilge … is é teanga ársa na tíre agus an tseanré é … ach ní mór do na páistí oideachas a bheith acu, agus de bharr nach múintear aon Ghaeilge sna Scoileanna Náisiúnta, ní mór domsa é seo a dhéanamh, chun iad a ghríosú i dtreo an Bhéarla”
Bhí an t-athair, a labhair Gaeilge é féin, tar éis ról a ghlacadh sa tionscadal coilíneach chun an Béarla a chuir in áit na Gaeilge.
Cé nár thug córas na Scoileanna Náisiúnta a bunaíodh in 1831 cead go ndéanfaí an Ghaeilge a léasadh amach as páistí, níor tugadh cead an teanga a mhúineadh mar ábhar go dtí 1878. Fiú nuair a tugadh cead, ba go drogallach a tugadh é. Cruthaíodh comhthéacs ina raibh an Ghaeilge naimhdeach agus dá bharr sin bhí an pionós agus an náire chun cinn sa seomra ranga chun é a chuir faoi chois.
Bhí ról ag na tuismitheoirí sa phróiseas seo. Is cuimhin le bailitheoir amháin ó Bhailiúchán na Scol ó na 1930í gur chreid tuismitheoirí i gCo. an Chláir le linn an naoú haois déag go raibh gá “beagáinín Béarla briste” a bheith ag duine chun dul amach sa domhan mór agus, ar an lámh eile de, nárbh ionann Gaeilge “ach gibiris sclábhaithe”
Is cuimhin le Thomas Concannon, eagraí le Conradh na Gaeilge, go raibh na múinteoirí ag tacú leis an gcóras céanna. D’áitigh Concannon ar An Claidheamh Soluis go bhfuair sé “go leor greadadh” ón múinteoir a bhí aige ar Inis Meáin sna 1880dí, de bharr gur labhair sé “an t-aon teanga a bhí ar a thoil aige”. Shéan an múinteoir go láidir go raibh an bata scóir in úsáid aige, rud a léirigh b’fhéidir go raibh náire áirithe ag baint le húsáid an bhata faoi thús an fichiú haois agus ré na hAthbheochana.
Mar sin féin, bhí roinnt mhaith cuntas ón mbéaloideas a bhí ag teacht lena chéile i ngeall ar an mbata scóir. I roinnt scoileanna, chrochfaí bata scóir pearsanta do gach páiste ar an mballa lena n-ainm in aice leis, léiriú poiblí ar an “gcoir”. I gcuntas amháin ó Luimneach luaitear sraitheanna de na bataí scóir agus eangaí orthu. I gceantair eile, d’iompar páistí iad ar a muineál.
Cruthaíodh náire agus smál ar an bpáiste agus cuireadh isteach ar a gcuid cumais teangeolaíochta. Léirigh cuntas amháin ó David O’Callaghan ó Inis Meáin go raibh roinnt páistí sna 1880í a bhí idir ocht agus deich mbliana d’aois “a raibh an chuma air nach raibh teanga ar bith acu. Bhí faitíos orthu Gaeilge a labhairt thart ar a dtuismitheoirí, agus ní raibh Béarla sealbhaithe acu” ach oiread.
Dár ndóigh, níorbh eisceacht a bhí in Éirinn mar a bhain sé le cleachtais den chineál seo. D’úsáidtí cleachtais den sórt céanna chun an ruaig a chuir ar theangacha dúchasacha i dtíortha eile a ndearnadh coilíniú orthu. Sa Bhreatain Bheag, b’éigean do pháistí an Welsh Not a iompar; d’aistrítí an píosa adhmaid idir na páistí i rith an lae de réir mar a bheirtí orthu ag labhairt Breatnaise. Ba é an páiste a raobj an rud acu ag deireadh an lae a fuair an léasadh. Sa Bhriotáin, d’úsáidtí bróg adhmad ar a glaodh sabot air. Sa Chéinia, is cuimhin leis an scríbhneoir díchoilínithe Ngugi wa Thiong’o gurb éigean do pháistí comharthaí a chrochadh timpeall a muiníl a náirigh iad.
In Éirinn, bhí íomhá an bhata mar ghléas frith-Ghaeilge láidir ón naoú haois déag. Chreid leithéidí an Easpaig Seán Mac Éil gur iad “reilig na Gaeilge” na scoileanna. Dár le The Nation dá bhféadfá na scoileanna “a athmhúnlú i spiorad fíornáisiúnta, bheadh dóchas ann go slánófaí Éire”. Faoi thús an fhichiú haois bhí an bata scóir ina chnámh spairne do náisiúnaigh agus lucht na hAthbheochana, cé go raibh cúiseanna sochtheangeolaíochta eile leis an iompú teanga cé is moite de na scoileanna náisiúnta agus an leas a baineadh as an mbata féin. Leagadh go leor béime ar Ghaelú na scoileanna sna 1920í agus is cosúil go raibh baint ag an tuiscint seo, tuiscint ina raibh ról lárnach ag an mbata scóir ann, leis an bpolasaí céanna.
Áitíonn leithéidí Thomáis Mhic Shíomóin go raibh tionchar níos mó ag iompú teanga ná na tionchair theangeolaíochta amháin. Aithníonn sé gur fágadh “oidhreacht tráma dhomhain síceolaíoch” chomh maith. Cothaíodh an náire, an féinfhuath agus an easpa spéise san fhéiniúlacht a mhair ar feadh na glún.
Mar sin féin, ainneoin úsáid an bhata agus an iompaithe teanga, maireann an Ghaeilge go fóill. Cé nach príomhtheanga na tíre í, go fóill, is gné thábhachtach dár bhféiniúlacht pobail í, a ndéanann clanna, gníomhaithe agus eagraíochtaí a chaomhnú agus a leathnú. Léiríonn an chuimhne atá ag daoine go fóill ar an mbata scóir, bíodh sin ar líne ar na meáin shóisialta nó sna healaíona agus sa litríocht, gur fágadh lorg dá bharr. Ag an am céanna, tá an teanga agus an cultúr a rinneadh iarracht í a chuir faoi chois leis an mbata céanna ann go fóill.