‘Ná díol d’anam ar do bholg’ a dúirt an Chéad-Aire Michelle O’Neill

Bhí Michelle O’Neill ag freagairt ceisteanna maidir le fleá leis an Uachtarán Trump

Jack Mac Íomhair 

Dúirt Michelle O’Neill nach ndíolann tú d’anam chun seaimpéin a ól le hUachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump agus an ghéarchéim dhaonnúil ag tarlú in Gaza. Bhí sí ag freagairt ceiste sa tionól maidir lena cinneadh baghcat a dhéanamh ar an fhleá le Donald Trump agus é ar chuairt ar an Ríocht Aontaithe an tseachtain seo caite. 

Níor fhreastail Michelle O’Neill ar an fhleá, ach d’fhreastail an LeasChéad-Aire, Emma Little-Pengelly, ar an imeacht i gCaisleán Windsor.

Dúirt Emma Little-Pengelly gur meancóg é cinneadh O’Neill, agus chuir baill den Pháirtí Aontachtach Dhaonlathach ceisteanna ar an Chéad-Aire sa Tionól Dé Luain. Cuireadh ceist uirthi an raibh a cinneadh cuidiúil ó thaobh gnó a dhéanamh do na sé chontae. 

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.