D’fhógair an tAire Oideachais sna sé chontae, Paul Givan, an scéim le linn na seachtaine
Den chéad uair riamh beidh sparánacht ar fáil do mhic léinn atá ag déanamh staidéar ar theagasc an Mhata, na Ceimice, na Fisice, ar ábhair theicneolaíochta agus sa Ghaeloideachas.
Ní bheidh táillí le híoc ag na mic léinn agus gheobhaidh cuid acu £1,000 in aghaidh na míos le dul i dtreo costais mhaireachtála.
Táthar ag súil go mbeidh an scéim ag dul i ngleic le heaspa múinteoirí sna hábhair sin agus sa Ghaeloideachas.
Beifear ag súil go mbeidh na múinteoirí ag fanacht le teagasc sna sé chontae ar feadh dhá bhliain nuair a chríochnóidh siad a gcúrsaí.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!