Tá Iosrael fós ag déanamh cinedhíothaithe in Gaza de réir Choimisiún Neamhspleách na Náisiún Aontaithe
Foilsíodh tuairisc ón Choimisiún Idirnáisiúnta um Fhiosrúchán, a chuir Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine ar bun chun fiosrúchán a dhéanamh ar sháruithe na dlíthe i leith chearta an duine.
Léirigh an tuairisc go ndearna údaráis agus fórsaí slándála Iosrael 4 as 5 de na gníomhartha cinedhíothacha de réir an Choinbhinsiúin um Chinedhíothú.
Bhí dúnmharú, ag déanamh dochar coirp nó intinne, ag cruthú coinníollacha saoil d’aon turas ag iarraidh scriosadh na bPalaistíneach go hiomlán nó den chuid is mó, agus ag cur coinníollacha i bhfeidhm ag iarraidh cosc a chur ar bhreitheanna, san áireamh de réir na tuairisce.
Dúirt Navi Pillay, iarcheannaire um chearta daonna sna Náisiúin Aontaithe, go bhfuil an fhreagracht ar Iosrael as cinedhíothú in Gaza.
Bhí an tuairisc 72 leathanach bunaithe ar fhiosrúcháin a rinne an Coimisiún roimhe, chomh maith le cinntí fíorasacha agus dlíthiúla maidir le hionsaithe in Gaza. Chomh maith leis sin, bhí iompar agus ráitis ó údaráis Iosrael ón 7 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Iúil 2025.
Dúirt an Coimisiún go ndearna siad fiosrúchán ar oibríochtaí míleata Iosrael in Gaza fosta, chomh maith leis an chosc atá curtha acu ar chuidiú, agus an gorta atá cruthaithe as sin.
Chinn an tuairisc fosta gur spreag Uachtarán Iosrael Isaac Herzog, Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu, agus an tAire Cosanta ag an am, Yoav Gallant, tús an chinedhíothaithe in Gaza, agus gur theip ar údaráis Iosrael gníomh a dhéanamh ina n-aghaidh chun pionós a chur orthu maidir leis.
Dúirt ambasadóir Iosrael chuig na Náisiúint Aontaithe, Daniel Meron, go raibh an tuairisc bréagach agus scanallach. Dúirt sé fosta go raibh sé scríofa ag ionadaithe Hamas.
Dúirt Meron go ndiúltaíonn sé go han-soiléir don ráiteas chlúmhillteach a d’fhoilsigh an Coimisiún.
D’iarr Navi Pillay ar bhallstáit na Náisiún Aontaithe stop a chur le trádáil arm le hIosrael agus freagracht a éileamh uathu.