Léiríonn na figiúirí ón Phríomh-Oifig Staidrimh titim ar líon na dtithe a fuair cead pleanála
Tá titim 12.5% i gcead pleanála do thithíocht de réir na bhfigúirí a chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh ar fáil. Sa dara ráithe i mbliana tugadh cead pleanála go 7,447 aonad i gcomparáid le 8,513 anuraidh.
Tugann na figiúirí léargas maidir le tógáil sa todhchaí. Thug an Phríomh-Oifig rabhadh maidir le treochtaí fadtéarmacha a bhaint as na huimhreacha atá bunaithe ar aon ráithe amháin, áfach.
Dúirt an Phríomh-Oifig Staidrimh go raibh titim 21.4% ar líon na n-árasán a fuair cead pleanála i gcomparáid leis an dara ráithe anuraidh fosta, agus go raibh titim 6.4% sa tréimhse chéanna maidir le tithe.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!