Ní mór don mhórshiúl CEARTA a bheith ina thúsphointe, seachas ina cheann scríbe

Kerron Ó Luain

Tá an mórshiúl CEARTA: Agóid Náisiúnta ar son na nGael ar na bacáin. Tá jab maith déanta ag Conradh na Gaeilge, na hoibrithe in earnáil na Gaeilge, na hoifigigh pleanála teanga, agus Gaeil eile nach iad, an agóid a fhógairt trí ábhar cruthaíoch a chraobhscaoileadh ar na meáin shóisialta le roinnt seachtainí anuas. 

Tá éilimh shoiléire ag an ngluaiseacht a bhaineann le réimsí na Gaeltachta, an oideachais, an mhaoinithe agus na gceart teanga. Ach is iad an dá mhórcheist:

  1. an dtiocfaidh na Gaeil amach ina sluaite chun tacú leis na héilimh sin?
  2. an leanfar leis an slógadh i ndiaidh an mhórshiúil?

Beidh le feiceáil anois cé mhéad Gael a thiocfaidh chun sráide Dé Sathairn. Thiar in 2014, nuair a d’éirigh an Coimisinéir Teanga as mar agóid i gcoinne an rialtais agus spreagadh tréimhse ghníomhaíochta ar leith, tháinig idir 5,000 agus 10,000 duine amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, ag brath ar cibé foinse a chreidtear, agus bhí thart ar 1,000 ar mhórshiúl go Roinn na Gaeltachta i gConamara.

Nuair a shroich mórshiúl na hardchathrach Teach Laighean maíodh ón stáitse “nach raibh anseo ach ina thús”. I ndiaidh an mhórshiúil rinneadh cruinniú a ghairm in Uimhir 6 Sráid Fhearchair, ceanncheathrú Chonradh na Gaeilge, chun na “chéad chéimeanna eile” a phlé. 

Ina dhiaidh sin, áfach, bhraith roinnt mhaith Gael ag an am, baill de Misneach go háirithe, nach raibh an t-ocras ann i gConradh na Gaeilge leanúint leis na slógaí móra, nó leas a bhaint as gníomhartha díreacha chun an brú a mhéadú, agus filleadh ar an stocaireacht mheasúil leis na polaiteoirí. 

Dár ndóigh, tá feidhm áirithe le stocaireacht den chineál sin agus is cinnte gur éirigh le Conradh na Gaeilge roinnt mhaith a bhaint amach agus tuilleadh ciorruithe agus buillí i gcoinne na teanga de bharr na déine a sheachaint nó a laghdú.

Mar sin féin, cailleadh deis brú ar aghaidh agus agóid mhór a dhéanamh de na figiúirí daonáirimh in 2016 a léirigh go raibh titim thart ar 10% i líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht agus ceist a dhéanamh den srian a bhí á chur ar fhás na Gaelscolaíochta ag Roinn Oideachais Bhaile Átha Cliath sna blianta sin. D’fhógair Misneach agóid lasmuigh de Roinn na Gaeltachta agus rinneamar forghabháil air, ach ní bhfuaireamar mórán tacaíochta ó ghluaiseacht na Gaeilge a bhí fillte ar na cruinnithe seomra boird.

Má bhreathnaítear ar an méid a tharla sna sé chontae i dtaobh líon na ndaoine ar na mórshiúlta le deich mbliain anuas, scéal eile ar fad atá ann. In 2014, tháinig thart ar 3,000 duine i láthair i mBéal Feirste don chéad Lá Dearg ansin nuair a léiríodh míshástacht le cinntí polaiteoirí náisiúnacha agus aontachtaithe araon i ngeall ar an nGaeilge. 

Sna blianta ina dhiaidh sin leanadh leis na slógaí, úsáideadh gníomhartha díreacha agus cruthaíocha, mar aon leis an ngnáthstocaireacht agus feachtasaíocht sa chúlra. In 2022, tháinig 20,000 duine amach ar shráideanna Bhéal Feirste ar son na Gaeilge.

Dar dóigh, tá comhthéacs polaitiúil ar leith sna sé chontae, agus gríosaíonn bearta agus foclaí polaiteoirí aontachtaithe seicteacha na Gaeil agus an pobal níos leithne náisiúnach le slógadh. Ach gan na gníomhartha leanúnach agus feiceálach ar son na Gaeilge, a choinníonn an cheist i mbéal an phobail agus a chothaíonn suim agus misneach i measc gníomhaithe óga go háirithe, ní bheadh slua chomh mór leis an 20,000 tagtha i láthair an lá úd, nó ní bheadh an tAcht Teanga agus Coimisinéir Teanga Gaeilge do na sé chontae bainte amach ach oiread.

Is gá an cultúr agóidíochta sin agus na modhanna a théann leis  a leathnú isteach sna réimsí éagsúla a bhaineann leis an nGaeilge sna sé chontae fichead. 

Ní gá ach breathnú ar an léarscáil de na háiteachanna as a bhfuil na busanna ag teacht don mhórshiúl Dé Sathairn, cuid mhór acu ón Tuaisceart áit a bhfuil líon níos lú cainteoirí laethúla, chun an neamhréir a thuiscint. Ar an lámh eile de, tá sciar mór de na sé chontae fichead gan aon bhus ag teacht astu, cé go bhfuil Gaelscoileanna sna ceantair sin, rud a léiríonn institiúidiú na gluaiseachta áirithe sin, agus i gcás Chontae Mhaigh Eo, drochstaid na Gaeltachta ann.

Tá ceist na féiniúlachta go mór i mbéal an phobail le blianta beaga anuas, agus tá dreamanna antoisceacha ag cothú dioscúrsa nimhneach ar líne i gcoinne na n-imirceach. I gcodarsnacht leis sin, tá na healaíona Gaeilge agus obair mhall na nGaelscoileanna tar éis mórtas teanga agus tuiscint ar an rannpháirtíocht a spreagadh i measc na glúine óige

Tá an tine lasta i mbolg go leor den aos óg sin i leith an chos ar bolg agus an neamairt choilínigh agus chaipitlíoch teanga a tharla agus atá ag tarlú in Éirinn, ach ní mór teacht ar bhealaí an fuinneamh sin a stiúradh i dtreo gníomhaíocht leanúnach agus tuilleadh gníomhaithe Gaeilge buana a chothú, go háirithe ó thobar an lucht oibre agus na nÉireannach de dhath.

D’fhéadfadh an mórshiúl CEARTA Dé Sathairn a bheith ina thúsphointe ríthábhachtach den phróiseas sin, ach is gá breathnú air mar sin, mar bhunchloch, seachas mar cheann scríbe mar tharla 10 mbliain ó shin in 2014.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.