19/20 Meán Fomhair
Árannaigh i mbun pinn The Aran Pen
Beidh Féile na bhFlaitheartach, an tríú féile déag, á eagrú ag Cumann Liam agus Thomáis Uí Fhlaithearta i nGaillimh agus in Árainn ar an 19 agus an 20 Meán Fómhair i mbliana.
Díreoidh Féile na bliana seo ar scríbhinní agus ar shaolré Liam agus Thomáis Uí Fhlaithearta, nuair a bhí an bheirt acu ina réim mar scríbhneoirí. Déanfar comparáid idir saothair liteartha na beirte, bronnfar duaiseanna chomórtas scríbhneoireachta do pháistí scoile an oileáin agus beidh turas treoraithe ann chuig áiteanna a bhfuil baint acu leis na Flaitheartaigh.
Tosóidh an Fhéile in Áras na nGael, Cathair na Gaillimhe Dé hAoine an 19 Meán Fómhair, Oíche an Chultúir, ag 5.30 pm. Tabharfaidh an staraí Cormac Ó Comhraí cuntas ar chúlra scríbhinní na bhFlaitheartach céad bliain ó shin. Is saineolaí é Ó Comhraí ar stair chúige Chonnacht idir 1910 agus 1930. Tá roinnt leabhar agus alt foilsithe aige faoin gceantar. Déanfaidh sé cur síos ar an saol i gConamara agus Árann i mblianta tosaigh an tSaorstáit maidir le cúrsaí póilíneachta, poitín agus gorta agus ganntanas. Tá Oireachtas na Gaeilge-Oíche Chultúir ag tacú leis an ócáid seo.
Ar an Satharn an 20 Meán Fómhair aistreoidh an Fhéile go hInis Mór don lá. Ar a 12 meán lae i halla ionad glampála Chill Rónáin, labharfaidh an tOllamh Gearóid Denvir (Ollscoil na hÉireann Gaillimh) faoi scríbhneoireacht Liam agus Thomáis Uí Fhlaithearta. Is saineolaí ar litríocht Ghaeilge an 20ú haois é an tOllamh Denvir agus d’fhoilsigh sé an leabhar An Dúil is dual faoi ghearrscéalaíocht Liam Uí Fhlaithearta. Dar leis an Ollamh Denvir, ba nuálaí forásach nua-aoiseach a bhí i Liam, ach bhí gearrscéalta Thomáis i bhfad níos traidisiúnta, fearacht bhunáite ghearrscéalaithe Gaeilge a linne. Léacht dhátheangach a bheas innti seo, faoi chathaoirleacht Éamoin Uí Chiosáin.
I ndiaidh na léachta seo, bronnfar na nduaiseanna don chéad chomórtas scríbhneoireachta atá ag an gCumann do pháistí bunscoile ón oileán. Sa tionscadal nua seo idir an Cumann, na scoileanna agus oifig Phleanáil Teanga Árann, iarradh ar na daltaí scéal a scríobh i nGaeilge ar ábhar dá rogha féin. Is í an scéalaí aitheanta Máirín Mhic Lochlainn a bhronnfas na duaiseanna.
Reachtáladh an comórtas seo le tacaíocht fhlaithiúil ó Phleanáil Teanga Árann.
Tar éis lóin i mbialanna áitiúla, leanfaidh an Fhéile ar aghaidh le siúlóid treoraithe. Ar 3 pm tabharfaidh an t-oileánach aitheanta Mícheál Ó Goill muid ar cuairt chuig láithreacha atá bainteach leis na Flaitheartaigh. Tosóidh an siúlóid seo i gCill Rónáin. Cuirfear clabhsúr ar an bhFéile sula bhfágann na báid farantóireachta tráthnóna.
Tá Cumann na bhFlaitheartach an-bhuíoch de Chomhairle Chontae na Gaillimhe, d’Oireachtas na Gaeilge-Oíche Chultúir, Ealaín na Gaeltachta, Pleanáil Teanga Árann agus Foras na Gaeilge as a dtacaíocht don Fhéile.
Eolas:
X-Twitter: @liamoflahsoc
Youtube: Liam and Tom O’Flaherty Society