Ar feadh na gcianta shín steipeanna na Casacstáine ar nós muir ghlas gan teorainn, muir trína siúladh clanna lena gcuid ainmhithe de réir rithim na séasúr. Bhí capaill, camaill agus caoirigh ag croílár na heacnamaíochta fánaíochta seo. Ní raibh úinéireacht ag éinne ar an talamh sa chaoi a samhlódh feirmeoir lonnaithe. Rinneadh é a roinnt agus a bhainistiú mar mheitheal agus bhí meas ar an talamh mar acmhainn go bhféadfaí bogadh thairis, seachas a scoilteadh ina bpíosaí.
Tháinig an córas sin faoi bhrú le linn an naoú haois déag, nuair a bhog Impireacht na Rúise níos faide isteach i lár na hÁise. Mar a tharla i dtíortha eile, baineadh leas as dúnfoirt agus urphoist bheaga anseo is ansiúd i dtús báire. Ach le himeacht ama, tharla ionradh de chineál eile; ní saighdiúirí le hairm, ach ionradh an chéachta, an tsuirbhéara agus an mhaorlathaí a bhí i gceist.
Rinne Impireacht an tSáir na steipeanna a dheighilt ina réigiúin riaracháin. Ba é Seanascal na Steipeanna, a bunaíodh sna 1880d, an réigiún riaracháin ba thábhachtaí sa chóras seo. Chreid feidhmeannaigh na himpireachta gur gnó “nuachóirithe” agus “sibhialtachta” a bhí ar bun, ach do na Casacstánaigh féin ba phróiseas fálaithe é a rinne cúngú ar an domhan mar ab eol dóibh é.
Ba ghluaiseachtaí na lonnaitheoirí Rúiseacha agus Úcránacha an buille marfach. Tháinig siad ina dtonnta ag tús an fhichiú aoise, go háirithe i ndiaidh leasuithe Stolypin. Léiríonn eolas daonáirimh ó 1897 gurbh ionann Rúisigh agus 12% de dhaonra na steipeanna, thart ar 600,000 duine. Faoin mbliain 1911 b’ionann iad agus 40% i ndiaidh fheachtais athlonnaithe na himpireachta agus leathnú na n-iarnród.
Faoin mbliain 1912, bhí na céadta mílte feirmeacha tuathánaigh ar fud na steipeanna. In áit tailte féaraigh, rinneadh treabhadh ar an talamh chun cruithneacht a fhás, agus ghabh na lonnaitheoirí na foinsí uisce is fearr chucu féin.
Do na tréadaithe Casacstánacha, a bhí ag brath ar an tsaoirse ghluaiseachta chun na tailte féaraigh a roinnt idir an samhradh agus an geimhreadh, ba thubaiste é seo. Cuireadh bac ar bhealaí úsáidte feadh na nglúine. Bhí na tréada á lagú de bharr nach raibh rochtain acu ar thailte féir úir.
I meon na lonnaitheoirí bhí an chuma air go raibh na tailte “folamh” agus nach raibh úsáid mar is ceart á baint astu. Mhaígh leithéidí an fheidhmeannaigh agus eitneolaithe Rúisigh Alexei Ivanovich Levshin (1799–1879), ar glaodh “Herodotus na gCasacstánach” air, gur córas “anordúil”, “ainrialta”, agus “neamhthorthúil” a bhí san fhánaíocht.
Ach do na Casacstánaigh, ba chasadh cruálach ar an bhfírinne an reitric sin. Ní raibh na tailte féaraigh folamh nó gan eagar; bhí siad beo le sealanna tréada, pátrúin trádála agus naisc chultúrtha.
Theastaigh ó na feidhmeannaigh choilíneacha Rúiseacha go gcaillfeadh na Casacstánaigh talamh, ach, mar bharr ar an donas, theastaigh uathu go gcaithfidís a gcultúr fánaíochta i dtraipisí go hiomlán. Dúradh gur chultúr “tútach” a bhí san fhánaíocht agus brúdh polasaithe na neamhghníomhaíochta mar an bealach le dul chun cinn a dhéanamh; seanscéal agus meirg air.
Cuireadh brú ar na Casacstánaigh lonnú san aon áit amháin, i lonnaíochtaí buana. Uaireanta úsáideadh an lámh láidir chun an toradh seo a bhaint amach. Tháinig tuilleadh laghdaithe ar na tréada. B’éigean do na Casaicigh obair ar son tuarastail, cáin a íoc, agus páirt a ghlacadh sa mhargadh caipitlíoch a raibh na Rúisigh go mór chun cinn ann. D’éirigh dornán beag d’fheirmeoirí Rúiseacha saibhir fad is a bhí cuid mhór de na Casacstánaigh i ngreim ag an mbochtaineacht.
An tseachtain seo chugainn, i gcuid 2, pléifear na tionchair shonracha a bhí ag na hathruithe seo ar steppeshochaí na gCasacstánach.