Má choinníonn duine súil ar na meáin shóisialta agus an dioscúrsa ann i leith na Gaeilge, feicfear go dtagann na téamaí céanna aníos arís is arís eile. Tá a fhios ag gach Gael, mar shampla, go luaitear na miotais faoi Pheig bhocht, agus taithí Béarlóirí ag foghlaim na Gaeilge sa chóras oideachais lán-Bhéarla, go mion minic faoi bhun scéalta a baineann leis an nGaeilge, bíodh na scéalta sin maith nó olc, dearfach nó diúltach.
Deirtear go bhfuil fadhb ann sa chaoi a múintear an teanga, nó “the way it’s thought”, mar a fheictear scríofa go minic. Tá leithéidí Chaoimhín de Barra, agus é ag scríobh ina leabhar Gaeilge: a Radical Revolution, tar éis aird a tharraingt ar a laghad ama agus nóiméid a mhúintear an teanga i saolré scoile dalta, rud a dhéanfadh beag is fiú den chúrsa leasaithe Gaeilge is fearr, agus den mhúinteoir Gaeilge is díograisí. Anuas air sin, tá go leor dinimice síceolaíochta, sóisialta, agus cultúrtha le háireamh i measc na gcúiseanna nach sealbhaíonn páistí an teanga i gceart. Ach leantar ar aghaidh ag cur an mhilleáin ar na modhanna múinte amháin.
Tróp coitianta eile a chloistear ná gur gá blas ó cheantar Gaeltachta Conamarach, Conallach nó Duibhneach, a bheith ag an té atá ag labhairt nó ag foghlaim na Gaeilge nó, a mhaítear, nach bhfuil “an teanga á sealbhú mar is ceart acu”. Tháinig an cheist seo aníos ar na meáin shóisialta le déanaí ar leathanach “Clisaire” (Clare Cullen), cruthaitheoir ábhair físiúil as Contae Mhaigh Eo.