Tá feachtas úr tosaithe, i gcomhar leis an Cheardchumann Unite, atá ag iarraidh áit níos sábháilte a dhéanamh d’oibrithe san earnáil fáilteachais

Cuireadh tús le feachtas úr ar na mallaibh chun brú a chur ar pholaiteoirí agus úinéirí bainteach leis an earnáil fáilteachais sna 6 chontae chun cosc a chur ar chiapadh agus chun a chinntiú go bhfuil bealach abhaile sábháilte ag oibrithe i ndiaidh na hoibre.
Labhair Bobaí Ché Ó Fionnagáin, atá ina bhall den cheardchumann agus atá ar choiste eagrúcháin an fheachtais, le An Páipéar maidir leis an fheachtas. Dúirt sé go bhfuil feachtas mar seo de dhíth mar ‘Tá muid ag eagrú le hoibrithe trasna ar fud na hearnála fáilteachais go léir, agus tá na hoibrithe seo i ndiaidh teacht chugainn maidir lena n-imní. Tá an feachtas riachtanach agus tráthúil mar tá muid in ann ár nguthanna a úsáid maidir leis na fadhbanna criticiúla seo sa tsochaí agus san earnáil. Agus tá muid in ann an t-uasmhéid brú a chur ar na húinéirí san earnáil failteacháis, agus na polaiteoirí atá in ann an t-athrú reachtúil sin a chur i bhfeidhm ar leibhéal an rialtais.’
‘Ar an chéad dul síos is é ceann de na rudaí atá de dhíth chun dul i ngleic leis na fadhbanna atá luaite againn agus muid ag cur an fheachtais amach sa dioscúrsa poiblí ná tacaíocht na n-oibrithe agus an phobail i gcoitinne. Tá siad de cheart ag na hoibrithe dul i mbun oibre i dtimpeallacht shlán shábháilte, agus iad a bheith in ann dul abhaile go sábháilte.’
‘Tá trí príomhrud de dhíth. Taisteal saor sábháilte abhaile mar cheadúnas riachtanach do gach ionad fáilteachais; oiliúint éigeantach do gach baill foirne a bhíonn ag plé le ciapadh de gach saghas; agus éileamh a léiriú don Tionól na rudaí seo a chur i bhfeidhm.’
‘Sin na rudaí a bheas de dhíth orainn chun an feachtas a ghlacadh chuig an chéad chéim eile.’