Láthair chathair 1916 agus an margadh sráide is arsa i mbaol

Ar an 22 Aibreán sháraigh dream feachtasaíochta neamhspleách, Save Moore Street From Demolition (SMSFD), a sprioc 1,000 síniú a fháil dá n’achainí caomhnaithe roimh Lá na Poblachta, an 24 Aibreán. Cé go bhfuil feachtas de chineál ar siúl ó 2002 i leith, agus SMSFD ag bailiú sínithe ar an mbóthar ar feadh dhá uair an chloig gach Satharn ó 2014 i leith, agus ag postáil téacs agus griangraf gach seachtain ar na meáin shóisialta, is le déanaí amháin a thug siad faoin achainí leictreonach ar an árdán Uplift.

Tá dream eile i mbun feachtasaíochta freisin, Moore Street Preservation Trust (MSPT), a bhfuil baint acu le Sinn Féin. Tá gaolta le ceannairí agus trodairí 1916 sa dá eagraíocht.

Tógadh Sráid an Mhúraigh sular tógadh Sráid Uí Chonaill agus is ann atá an margadh sráide is ársa atá beo fós in Éirinn, agus b’fhéidir san Eoraip. Agus Ard-Oifig an Phoist in a fothrach dóite ag sliogáin na Sasanach, is chuig an tsráid seo a d’imigh garastún na hArd-Oifige, ag tochailt ó theach go teach tríd an tsraith tithe. Ba ansin a chaith cúigear de sheachtar sínitheoirí Fhorógra na Cásca a n-uaireanta deiridh faoi shaoirse sula ndearna siad a seasamh deiridh agus sular chinn siad ar ghéilleadh.

Sráid an Mhúraigh
Grianghraif: William Murphy/Flickr

Ach tá an suíomh i gcontúirt ag beartaíocht de chuid amhantraí Shasanaigh, Hamerson plc, atá ag iarraidh bóthar nua a ghearradh trí shraith tithe a bhí ann in 1916, ón ionad siopadóireachta ILAC (ar le Hammerson a leath de) go Sráid Uí Chonaill. Cheadaigh an an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní cead pleanála le haghaidh ollmhargaidh ar an suíomh ag Chartered Land, ar le Joe O’Reilly é, ar a raibh fiacha ollmhóra, a aistriú go Hammerson. Cheadaigh Roinn Pleanála chomhairle na cathrach do Hammerson plean nua a dhéanamh. Tar éis moill fhada, le déanaí dhiúltaigh an Bord Pleanála achomharc i gcoinne an cheada sin. Tá cás cúirte cláraithe ag MSPT san Ard-Chúirt i gcoinne an diúltaithe chéanna.

Ag léirsiú ar an tsráid cúpla mí ó shin, dúirt urlabhraí de SMSFD go bhfuil tábhacht ní hamháin náisiúnta ach idirnáisiúnta ag baint leis an suíomh, de bharr gurb é 1916 an chéad éirí amach san fhichiú haois i gcoinne an choilíneachais, a chuaigh i bhfeidhm go mór ar na pobail choilínithe i dtíortha eile. Ba é an chéad éirí amach i gcoinne cogadh domhanda é chomh maith, agus is ann a throid an chéad arm den lucht oibre, Arm Cathartha na hÉireann, agus an chéad eagras míleata poblachtach ban, Cumann na mBan

Dúirt an t-urlabhraí gur cheart an gradam Láithreán Oidhreachta Staire Domhanda (LOSD) a bhronnadh ar an suíomh agus ar Bhaile Átha Cliath féin. Thug sé le fios nach raibh iarratas ar ghradam dá shórt ar an gcathair déanta ag aon rialtas go dtí seo, ach amháin ag lorg gradam cultúrtha den mar gheall ar an ailtireacht Sheoirseach agus a stádas uair mar dhara cathair den Ríocht Aontaithe. “Meon Sheoiníneach amach is amach”, a dúirt sé.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.