D’fhógair an tAire Gordon Lyons £103,000 sa bhreis do Ghníomhaireacht na hUltaise chomh maith le hairgead i gcomhair tionscadail a bhaineann le Stáit Aontaithe Mheiriceá
Tá an Chéad-Aire Michelle O’Neill ag rá go gcuirfidh sí ceisteanna ar an Aire Pobail Gordon Lyons maidir leis an airgead breise atá fógartha aige do Ghníomhaireacht na hUltaise. D’fhógair an tAire Lyons go mbeidh £103,000 sa bhreis á thabhairt aige do Ghníomhaireacht na hUltaise. Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, go síltear gurb é seo an chéad uair a tugadh airgead do cheann de na forais teanga gan tada a thabhairt don cheann eile.
Dúirt Mac Giolla Bhéin go bhfuil sé suntasach gur tugadh airgead breise do Ghníomhaireacht na hUltaise seachtainí tar éis don Pháirtí Aontachtach Dhaonlathach a bheith ag cur tharstu faoin chomharthaíocht dhátheangach ag Mórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!