Pobal Ghaoth Dobhair croíbhriste tar éis tine a scrios Séipéal Mhuire i nDoirí Beaga

Domhnall Mac Concharraige

Tá pobal Gaoth Dobhair fágtha croíbhriste tar éis tine a scrios séipéal an pharóiste Luan na Cásca. Tuairiscíodh an tine ar dtús ag 4 am agus d’fhreastail seacht n-aonad ón mbriogáid dóiteáin agus na Gardaí ar an suíomh. Ar an dea-uair níl aon duine gortaithe, ach bhí ar dhaoine éalú óna dtithe mórthimpeall agus na comhraiceoirí dóiteáin i mbun catha leis an tine. Tógadh an séipéal in 1972 agus bhí sé ar cheann de na séipéil is mó sa cheantar. Tá sé suite i nDeoise Ráth Bhoth. 

Níl ach balla bricí agus cuid den scruchtúr a choinnigh an díon in airde fágtha anois. Tá an suíomh dúnta anois agus na Gardaí i mbun fiosrúchán teicnúil faoi láthair. Idir an dá linn beidh aifrinn ar fáil i dTeach Pobail Cholm Cille i gCnoc Fola do mhuintir na háite.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!