
Dea-scéal do Shinn Féin, agus drochscéal d’Fhine Gael, ach i ndáiríre ní féidir an iomarca a léamh as an bpobalbhreith is deireanaí de chuid Ipsos a foilsíodh in The Irish Times. Níl aon tolltoghchán ar na bacáin go luath.
Mar sin féin, tá ábhar gliondair ann do Shinn Féin go bhfuil an páirtí ar ais sa túsáit, agus iad ag 26%, i gcomparáid le 22% ag Fianna Fáil agus 16% ag Fine Gael, an líon is ísle ag an bpáirtí sin le tríocha bliain.
Tá an snas bainte de Simon Harris anois cinnte, ach tá le feiceáil an féidir leis teacht ar ais ón seasamh íseal seo i ndiaidh go ndearna sé praiseach den fheachtas toghcháin.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!