Tugann an Rúnaí Stáit Hilary Benn cuairt ar Ghlór na Móna agus buaileann sé le Conradh na Gaeilge agus é i mBéal Feirste

Chuir Conradh na Gaeilge ina luí ar Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann, Hilary Benn, idirghabháil a dhéanamh má leanann an Páirtí Aontachtach Daonlathach ar aghaidh lena bhfreasúra in éadan na Gaeilge 


Jack Mac Iomhair 

Ghlac Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann am chun cuairt a thabhairt ar Ghael-Ionad Mhic Goill, áit ina bhfuil an grúpa Glór na Móna lonnaithe, agus é i mBéal Feirste. Bhí cruinniú aige le Conradh na Gaeilge in Anam, Caifé na Carraige, a osclaíodh i mí an Mheithimh i mbliana. D’úsáid sé cúpla focal chun a ordú caife a dhéanamh i nGaeilge. 

Tharla an chuairt ag am an-chinnititheach don Ghaeilge sna sé chontae. Tá fós stop curtha leis an chomharthaíocht i Mórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste mar gheall ar chaingean dlí. Chomh maith leis sin táthar ag súil go mbeidh Coimisinéir Gaeilge ceaptha sna míonna amach romhainn.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.