An raibh a fhios agat go raibh ról tábhachtach ag Coimisiún Béaloideasa Éireann in athbheochan na Manainnise ar Oileán Mhanann?
Ar an 27 Nollaig 1974, 50 bhliain ó shin, fuair fear bás a raibh baint aige le Coimisiún Béaloideasa Éireann, ba é sin Ned Maddrell. In 1947 bheartaigh an Taoiseach Éamonn de Valera dul ar turas timpeall oileáin éagsúla.
Ceann de na hoileáin sin ba ea Oileán Mhanann. Fuair sé amach agus é ar cuairt ansin go raibh teanga á labhairt ann atá an-chosúil le Gaeilge na hÉireann, is e sin an Mhanainnis, Gaeilge Mhanann, an Ghaelg mar a deirtear i Manainnis. Thosaigh sé ag labhairt le cuid de na cainteoirí deireanacha Manainnise. Duine de na daoine sin ba ea Ned Maddrell. De bharr go raibh an teanga ag fáil bháis bheartaigh De Valera go ndéanfadh sé iarracht taifead a dhéanamh ar na cainteoirí deireanacha.
Nuair a tháinig sé ar ais go hÉirinn d’iarr sé ar Choimisiún Béaloideasa Éireann duine a chur anonn chun taifead a dhéanamh de na cainteoirí deireanacha Manainnise. Chuir Stiúrthóir an Choimisiúin, Séamus Ó Duilearga, an bailitheoir Caoimhín Ó Danachair anonn. Ach sular imigh Ó Danachair, bhí ar an gCoimisiún gramafón a cheannach, agus veain a cheannach freisin chun an gramafón a iompar. Bhí gach rud réidh i mí Aibreáin 1948.
Bhí Ó Danachair thall ar Oileán Mhanann ag taifeadadh idir an 22 Aibreán go dtí an 5 Bealtaine. D’éirigh leis taifead a dhéanamh ar ochtar cainteoirí dúchais Manainnis (cúigear fear agus triúr ban) ar 26 diosca déthaobhach aicéatáit.
Nuair a bhí Ó Danachair ag dul thart ag taifeadadh, bhí gníomhaithe teanga leis a bhí in ann na cainteoirí dúchais a chur in aithne dó agus iad a chur ar a gcompord. Bhí Ó Danachair in ann scéalta, comhrá, amhráin, iomainn agus leaganacha den Phaidir a thaifeadadh uathu. Bhí na taifid seo thar a bheith tábhachtach chun an teanga a chaomhnú. Bheartaigh Iarsmalann Mhanann suirbhé a dhéanamh ar thraidisiúin an oileáin dá bharr. Chuaigh Basil Megaw agus Eric Creegan ar cuairt go hoifigí Choimisiún Béaloideasa Éireann i mBaile Átha Cliath agus chuidigh Ó Duilearga agus Ó Danachair leo Suirbhé Béaloidis Mhanann a chruthú. Bhí Creegan le bheith i bhfeighil ar na lámhscríbhinní agus innéacsú agus mar sin tháinig sé ar ais go dtí oifig Choimisiún Béaloideasa Éireann i mí na Nollag 1948 chun an córas a úsáideann an Coimisiún a fhoghlaim ó Sheán Ó Súilleabháin, an té a chruthaigh an Lámhleabhar Béaloideasa. Bhí Leslie Quirke ar dhuine de na gníomhairí teanga Manainnise a bhí, le hÓ Danachair, i bhfeighil ar an suirbhé. Chuaigh sé go Dún na nGall chun a fhoghlaim ó Sheán Ó hEochaidh conas saothar allamuigh a dhéanamh. Is léir mar sin gur thug Coimisiún Béaloideasa Éireann gach tacaíocht d’iarsmalann Mhanann chun an teanga a chaomhnú, sampla iontach den chomhoibriú Gaelach.
In 2003 foilsíodh na taifid in Skeealyn Vannin https://youtube.com/playlist?list=PLxvEbuf5XvSubAhwdDxX9xBf14pfAxB5d&si=x11ZUuvBMschSk5G. Tháinig toscaireacht ó Oileán Mhanann an bhliain chéanna go Cnuasach Bhéaloideas Éireann agus bhronn siad plaic in onóir obair Chaoimhín Uí Dhanachair a deir:
‘Ayns cooinaghtyn jeh Caoimhín Ó Danachair (1913 – 2002) son e obbyr niartul as eh recortyssey loayrtee dooghyssagh jeh’n Ghaelg ayns Mannin sy vlein 1948. Bee pobble Vannin booisal son dy bragh son shoh.
Mie Mannin, Mie Nerin’
‘I gcuimhne ar Chaoimhín Ó Danachair (1913 -2002) as a shaothar mór agus a thaifead ar chainteoirí dúchais Gaeilge ar Oileán Mhanann in 1948. Beidh muintir Mhanann buíoch go deo as seo.
Maith do Mhanainn, Maith d’Éirinn’ (aistrithe ón Manainnis go Gaeilge na hÉireann ag an údar)
Ní bhfuair an Mhanainnis bás a bhuí leis na hiarrachtaí sin. Go deimhin tá cainteoirí dúchais Manainnis ann inniu ar Oileán Mhanainn. Tá naíonra Manainnise, Mooinjer Veggey, agus bunscoil Mhanainnis, Bunscoill Ghaelgagh, ann inniu chomh maith.
Gura fada buan an Mhanainnis!
Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ó Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.