Chuaigh mé chun aonaigh is dhíol mé mo bhó
Ar chúig phunta airgid is ar ghiní bhuí óir
Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?
Má théim ‘na choille chraobhaigh cruinniú smeara nó cró
A bhaint úllaí de ghéaga nó a bhuachailleacht bó
Má shíním seal uaire faoi chrann a dhéanamh só
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?
Má théimse chuig airnéal is rince is spórt
Chuig aonach is rásaí ‘s gach cruinniú den tsórt
Má chím daoine súgach is má bhím súgach leo
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?
Deir daoine go bhfuil mé gan rath ‘s gan dóigh
Gan earraí, gan éadai, gan bólacht nó stór
Má tá mise sásta mo chónaí i gcró
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?