Tá an nualiobrálachas tar éis neamhshuim vótálaithe a chothú, ach tá teipthe ar Shinn Féin agus an eite chlé daoine a shlógadh

Is beag faoiseamh é dóibh siúd atá thíos leis polaiteoirí ag maíomh go bhfuil a vóta tar éis fás.

Kerron Ó Luain

Tá an tuar tagtha faoin tairngreacht. Ní raibh aon bhorradh i dtreo Shinn Féin agus na hEite-Clé san olltoghchán. Dealraíonn sé go bhfuil cuid de vótaí Shinn Féin, óna buaic de 34% i bpobalbhreitheanna in 2022, imithe chuig páirtithe níos lú ar an lár-Chlé, neamhspleáigh, agus, b’fhéidir fiú, go dtí na faisistithe. 

Mar sin féin, níor tháinig ach timpeall 60% den phobal amach chun vótáil – an céatadán is ísle i dtoghchán sa stát ó 1923. Tá cúiseanna doimhne struchtúracha a chothaíonn drochfhreastal vótála. Go hidirnáisiúnta, tá laghdú tagtha ar an ráta vótála ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda i gcomhthéacs an nualiobrálachais – an córas geilleagrach ina maireann muid a fhágann cumhacht ollmhór i lámha lucht an rachmais.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.