Tá difríochtaí suntasacha le sonrú sa bhearna phá idir fir agus mná in údaráis áitiúla ar fud na tíre, de réir na dtuarascálacha atá á bhfoilsiú ag comhairlí contae agus cathrach an tseachtain seo, agus mná ag saothrú níos mó ná fir ar an meán i roinnt údarás áitiúil.
Tá aird ar leith á díriú ar an mbearna phá idir na hinscní i mbliana, ós rud é gurb í 2026 an chéad bhliain ina gceanglaítear ar fhostóirí a gcuid figiúirí a fhoilsiú ar thairseach náisiúnta an Rialtais, chomh maith lena dtuarascálacha féin a chur ar fáil don phobal.
Ceanglaítear ar fhostóirí a bhfuil breis agus 50 fostaí acu na sonraí sin a fhoilsiú gach bliain. Roghnaigh na 31 údarás áitiúil sa tír an 30 Meitheamh mar dháta tagartha do thuarascálacha na bliana seo.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!