McCartan sa tóir ar chraobh na gclubanna tar éis ghradam na bliana

Is gearr a mhair an ceiliúradh ag Sorcha McCartan tar éis di gradam Imreoir Sinsearach Camógaíochta na Bliana PwC Chumann Imreoirí Gael a bhuachan i bPáirc an Chrócaigh oíche Dé Sathairn. Beidh an tosach ó Chorcaigh ar ais ar an bpáirc Dé Domhnaigh agus Naomh Fionnbarra ag tabhairt aghaidh ar Sháirséalaigh na Gaillimhe i gcluiche leathcheannais Chraobh Shinsearach Chlubanna na hÉireann. Craolfaidh RTÉ an dara cluiche den dá chluiche leathcheannais beo ó Pháirc Netwatch Cullen i gCeatharlach.

Bhain McCartan, atá 25 bliain d’aois, gradam sárimreora chomh maith. Bhí a comhghleacaithe club Méabh agus Orlaith Cahalane ar an bhfoireann roghnaithe freisin. Bhí naonúr as Corcaigh ar an bhfoireann i ndiaidh do churaidh na hÉireann Corn Uí Dhufaigh a thabhairt leo i mí Lúnasa. Roghnaíodh cúigear as Gaillimh, a chaill an cluiche ceannais, agus imreoir amháin as Cill Chainnigh, Niamh Deely.

“Táimid fós san iomaíocht leis an gclub agus táimid fós ag brú ar aghaidh,” a dúirt McCartan. “Is dócha nach mbainfidh mé an oiread céanna sásaimh as an ngradam go dtí go mbeidh deireadh leis an bhfeachtas. Ansin beidh mé in ann breathnú siar agus beidh cuimhní breátha agam.”

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!