Fás ar lucht féachana TG4 agus €92.8 milliún curtha leis an ngeilleagar

Chuir TG4 €92.8 milliún le geilleagar na hÉireann in 2025 agus bhain an stáisiún an sciar lucht féachana is airde amach ó 2009, de réir a thuarascála bliantúla, atá ceadaithe ag an rialtas.

Ba í seo an cúigiú bliain as a chéile inar tháinig méadú ar lucht féachana an chraoltóra. D’fhéach 77.2% de phobal teilifíse na hÉireann ar TG4 i rith na bliana, agus mheas 91% de dhaoine go bhfuil géarghá leis an stáisiún agus go bhfuil ról aige in Éirinn an lae inniu.

D’oibrigh TG4 le 79 comhlacht léiriúcháin neamhspleácha in Éirinn agus infheistíodh 75% dá mhaoiniú poiblí go díreach san earnáil sin. Thacaigh an ghníomhaíocht seo le suas le 1,460 post ar fud na tíre agus le forbairt earnáil closamhairc na Gaeilge.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.