Tá cúis mhór cheiliúrtha ag An Páipéar agus dhá ainmniúchán faighte ag beirt ón fhoireann ar ghearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2026.
Tá Eagarthóir An Páipéar, Cóilín Duffy, ainmnithe do Ghradam Iriseoir na Bliana, agus tá Aoife Granville ar an ngearrliosta do Ghradam Cholúnaí na Bliana.
D’fhógair an tOireachtas an gearrliosta Dé Luain seo caite agus tá 13 chatagóir ar chlár na ngradam i mbliana. Déanann na gradaim ceiliúradh ar an ardchaighdeán agus ar na sáriarrachtaí a dhéantar in earnáil na cumarsáide Gaeilge.
Is é Cóilín an t-aon duine ó na meáin chlóite atá ar ghearrliosta Iriseoir na Bliana. Tá Maitiú Ó Coimín ó Tuairisc.ie, Donncha Ó Murchú ó TG4, Sinéad Ní Neachtain ó Nuacht RTÉ agus TG4, agus Darren Ó Dubhgáin ó TG4, RTÉ agus Tuairisc.ie ainmnithe sa chatagóir chomh maith.
Dúirt Cóilín nach ainmniúcháin aonair amháin atá iontu, ach gur léiriú iad ar an obair atá déanta ag foireann An Páipéar ó foilsíodh an chéad eagrán den nuachtán beagnach dhá bhliain ó shin, tráth Oireachtas na Samhna 2024 i gCill Airne.
“Is mór an onóir dom féin a bheith ar an ngearrliosta d’Iriseoir na Bliana agus táimid thar a bheith bródúil as Aoife a bheith ainmnithe do Ghradam Cholúnaí na Bliana.
“Ní ainmniúcháin aonair amháin iad seo, áfach. Is aitheantas iad don tsárobair atá déanta ag foireann An Páipéar ó foilsíodh ár gcéad eagrán beagnach dhá bhliain ó shin. Tá fás mór tagtha ar an bhfoilseachán ó shin agus táimid ag iarraidh i gcónaí iriseoireacht neamhspleách, úr agus ar ardchaighdeán a chur ar fáil trí Ghaeilge.
“Táim fíorbhuíoch den Oireachtas as an ainmniúchán agus guím gach rath ar Aoife agus ar gach duine atá ainmnithe ar na gearrliostaí éagsúla.”
Tá Aoife ar ghearrliosta Cholúnaí na Bliana in éineacht le Conor Torbóid ó NÓS.ie, Marian Ní Chonghaile agus Alex Hijmans ó Tuairisc.ie, agus Emma Ní Chearúil ó Scéal in The Irish Times.
Tá roinnt forbairtí suntasacha le sonrú i nGradaim Chumarsáide na bliana seo freisin. Tá Cruthaitheoir Gaeilge na Bliana ina chatagóir nua i mbliana, agus seisear ar an gcéad ghearrliosta: Ciara Ní É, Leon Brown/The Líofa Project, Laura J Pakenham, Cúán de Búrca, Eoin P Ó Murchú agus Molly Nic Céile.
Tá cúigear san iomaíocht do Réalta Óg na Bliana: MaryClaire Nic Uilliam ó Raidió Fáilte, Conor Ó Domhnaill ó Cúla4, Laura Ní Aoidhne ó Ros na Rún agus Raidió Fáilte, Cara Jane Nic Giolla Chomhaill ó Raidió na Life agus James Mac Éinrí ó Nuacht Cúla4. Murab ionann agus na catagóirí eile, is trí vóta poiblí a roghnófar buaiteoir na rannóige sin.
I measc na gcatagóirí eile tá Sraith Raidió na Bliana, Clár Teilifíse/Scannán na Bliana, Pearsa Raidió na Bliana, Pearsa Teilifíse na Bliana, Sraith Teilifíse na Bliana agus Craoltóir Solabhartha na Bliana, chomh maith le gradaim do chláir Ghaeilge ar raidió pobail agus tráchtála agus do chláir teilifíse do dhaoine óga.
Bronnfar na gradaim ag searmanas i gCill Airne Dé Céadaoin, an 28 Deireadh Fómhair, mar chuid d’Oireachtas na Samhna 2026. Beidh an fhéile féin ar siúl i gCill Airne ón 28 Deireadh Fómhair go dtí an 1 Samhain.
Na gearrliostaí eile
Scannán/Clár/Sraith Teilifíse na Bliana do Dhaoine Óga: Siar Linn – Macalla Teoranta; Nollaí – Taunt; Fíricí Fíochmhara – Macalla Teoranta; Mo Shaol, Do Shaol 4 – Macalla Teoranta.
Sraith Raidió na Bliana: Pé Scéal É – RTÉ Raidió na Gaeltachta; Eadra – Raidió na Life; Oileánach – RTÉ Raidió na Gaeltachta; Ceol Cois Cuain – BBC Gaeilge/BBC Raidió Uladh; An Saol ó Dheas – RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Clár Teilifíse/Scannán na Bliana: Amhráin do mo Mháthair – South Wind Blows; Mamó agus Mise – Desmond Bros; Tráthnóna le Éilís Ní Chinnéide – Aniar TV; Rian na Fola – Loosehorse; Rothaí an tSaoil – Aniar TV; Néaltrú – An Scriosadh Mall – Beloved Media.
Pearsa Raidió na Bliana: Sláine Ní Chathalláin – An Saol ó Dheas; Cuán Ó Flatharta – Splanc; Séimí Mac Aindreasa – Beo ar Maidin/Guth an Phobail; Rossa Ó Siordáin – Fios Feasa; Fearghal Mag Uiginn – Blas – Ón Taobhlíne.
Pearsa Teilifíse na Bliana: Gráinne Holland – Scoil Choille 2; Doireann Ní Ghlacáin – Fleadh 26; Seosamh Mac Seoin – Cúla4; Gemma Ní Chionnaith – Rugbaí Beo; Séaghan Ó Súilleabháin – Téacs Taistil.
Clár Gaeilge na Bliana ar Raidió Pobail: Grúpa Léitheoirí Filíochta Leabharlann Dhún Dealgan – Dundalk FM; Ceol agus Craic – 103.2 Dublin City FM; Aon Scéal? – 92.5 Phoenix FM; TradSoc Takeover – Flirt FM 101.3.
Clár Gaeilge na Bliana ar Raidió Tráchtála: Ruaille Buaille – Highland Radio; Gaeilge sa Ghalltacht a Dó: An Chéad Chlár – Siobhán Uí Mhathúna – WLR FM; Blas na nGael – Highland Radio; Caint Chiarraí – Radio Kerry.
Sraith Teilifíse na Bliana: Síle Seoige: An Saol Mar Atá – Tyrone Productions; Pobal Mhúscraí – Aniar TV; Breith, Beatha, Bás – Below the Radar TV; Ceartas Crua – Midas Production; Taobh Thiar den Roth – Ligid Léiriúcháin; Glúin Z – Aniar TV.
Craoltóir Solabhartha na Bliana: Micheál Ó Tuathail, Máirín Ní Ghadhra, Brian Danny Minnie Ó Domhnaill agus Tristan Rosenstock – RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Beidh clúdach cuimsitheach ó Oireachtas na Samhna againn ó gCill Airne in An Páipéar sna seachtainí atá amach romhainn.