Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt.

Trasna

3.  Ainmneacha a úsáideann clanna (8)
7. Áiteanna ina bhfaightear uisce ón talamh (10)
10. Daoine ón sinsear céanna nó ar aon dath craicinn nó tréithe (8)
11. __________ go mbeadh sé go híontach dá mbeinn ann (10)
12. An costas a chuirtear ar airgead a fhaigheann tú ar iasacht (2)
13. ________ bhur n-airgead go léir do charthanas agus bheidh siad buíoch díbh go deo (9)
14. Tar éis do dhuine bás a fháil deirtear paidreacha ar son shlánú a _______ (5)
15. Áit a mbíonn daoine i gcomórtas le chéile chun rud a cheannach (5)
16. Ag dul ar strae, ag dul _______ (3)
18. Tabhartais ó Dhia, fiúntais, cáilíochtaí ar leith (6)
21. Ramhar nó _______ (5)
22. Ag gearradh adhmad nó cloiche, ag ______ (4)
23. Caora óg (3)
26. An ginideach uatha den fhocal ‘aclaigh’ (8)
27. Pleidhcíocht (11)
30. Glan le huisce (4)
31. Giota talún ina mbíonn barra ag fás (4)
33. Rudaí a chuireann cosc ort (7)
34. Fásann sé sa talamh agus is féidir leis a bheith bán nó dearg (6)
36. Comhrá a dhéanann tú chun post a fháil (8)
37. Dúshraitheanna (9)
39. In ann (6)
41. Déantar an chócaireacht air (4)
42. Crua (4)
43. Faic (4)
44. Bualadh nó casadh le duine (9)
45. Rud nach bhfuil crua tá sé mar seo (3)
46. An chuma atá ar rud (5)

Síos

1.  Ceann de na háiteanna a stopann na traenacha i mBaile Átha Cliath (8,2,10)
2. Na bogaigí ón ait seo (7)
3. Cineálacha (9)
4. Siopa mó ina ndíoltar a lán rudaí éagsúla, ginideach (13)
5. Scamaill (6)
6. Scataí de dhaoine atá nasctha le chéile agus a bhfuil an stair chéanna acu (11)
8. Féiríní (11)
9. Na leaganacha éagsúla de theanga (8)
17. Bearna idir dhá fhiacail (4)
19. Rud nach bhfuil sin bíonn sé mar seo (3)
20. Lán de spotaí (5)
21. Ní féidir liom éalú ón gcúinne seo, tá mé mar seo (11)
24. Earraí a chur thar lear chun iad a dhíol (10)
25. Miotal bog a úsáidtear chun coimeádáin bhia a choinneáil (4)
28. Cruithneacht nó eorna mheilte (3)
29. An dara pearsa iolra den fhorainm “ag” (6)
32. Bóthar a théann faoin talamh (6)
33. Muisiriún (6)
35. Duine a bhíonn ag caint agus ag caint (8)
38. Tír ina a mbíonn rí nó banríon inti (6)
40. An tríu pearsa uatha baineann den fhorainm “ag” (4)
41. An chuid den aghaidh idir do scornach agus do bhéal (4)

Freagraí ar Crosfhocal #103

TRASNA: 1. Bagairt 4. Carn Domhnach 9. Gual 10. Amais 12. Blátha 13. Lasta 14. Dolasta 15. Gnó 17. Seanchaí 19. Úr 20. Linn 22. Réab 23. Riteoga 24. Feabhra 25. Aiste 27. Cealg 28. Inti 29. Cág 30. Séine 31. Timpiste 32. Fás 35. Órga 38. Sróine 39 Cléópátra 43. Rosach 44.  Buinneach 45. Rang 47. Reiligí 48. Reo 49. Seastán 50. Bá
SÍOS: 1. Boghdóireacht 2. Geall 3. Réalt 4. Cáil 5.Nirt 6. Mall 7. Nath 8. Cuain 11. San Aindreas 15. Gréagach 16. Ógánaigh 17. Snabaireachta 18. Cár 21. Bolg 24. Feiliúnach 26. Siombóis 27. Cáin 32. Fir 33. Só 34. Dé 36. Ropaire 37. Anchaoi 38. Scrios 40. Pobail 41. Triail 42. Aintín 45. Rón 46. Grá
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.