Bia Úr – blasanna an domhain á gceiliúradh ar TG4

Craolfar sraith nua bia ar TG4 ón 9 Meán Fómhair ar 8.30 pm ina ndéanfar ceiliúradh ar an tionchar atá ag pobail ilchultúrtha na hÉireann ar nósanna cócaireachta na tíre.

Sraith ocht gclár is ea Bia Úr, a bheidh le feiceáil gach Céadaoin, agus Kirsten Mate Maher agus Allie Stack ina láithreoirí uirthi. Trí bhia agus scéalta pearsanta na rannpháirtithe, scrúdófar téamaí na féiniúlachta, an mhuintearais agus an traidisiúin.

Buailfidh Kirsten agus Allie le cócairí, fiontraithe bia agus cócairí baile a thug a gcuid blasanna, scileanna agus nósanna cultúrtha leo go hÉirinn. Léireoidh an tsraith an chaoi a bhfuil an inimirce ag cur le bia na tíre agus ag leathnú an tsainmhínithe atá againn ar bhia Éireannach.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.