
Go deo deo arís ní raghad go Caiseal
Ag díol ná ag reic mo shláinte
Ná ar mhargadh na saoire im shuí cois balla
Im scaoinse ar leataoibh sráide
Bodairí na tíre ag teacht ar a gcapaill
Dá fhiafraí an bhfuilim hírálta
“Ó téanam chun siúil tá an cúrsa fada”
Seo ar siúl an Spailpín Fánach
Im Spailpín Fánach fágadh mise
Ag seasadh ar mo shláinte
Ag siúl an drúchta go moch ar maidin
‘S ag bailiú galair ráithe
Ní fheicfear corrán im’ láimh chun bainte
Súiste ná feac beag rainne
Ach bratacha na bhFrancach os cionn mo leapan
Is píce agam chun sáite
Mó chúig chéad slán chun dúiche m’athar
‘Gus chun an oileáin ghrámhair
Is chun buachaillí na Cúlach os díobh nár mhiste
In aimsir chasta an ghárda
Ach anois ó táimse im chadhan bhocht dhealbh
I measc na ndúichí fáin seo
‘Sé mo chumha croí mar fuair mé an ghairm
Bheith riamh im Spailpín Fánach
Is ró-bhreá is cuimhin liom mo dhaoine bheith sealad
Thiar ag droichead Gháile
Fé bhuaí, fé chaoraí, fé laoi bheaga gheala
Agus capaill ann le háireamh
Acht b’é toil Chríost é gur cuireadh sinn asta
‘S go ndeaghamhar i leath ár sláinte
‘S gurbh é bhris mo chroí i ngach tír dá rachainn
“Call here, you Spailpín Fánach”.